Pléann Peter McVerry an ceangal a chaithfidh a bheith ann idir an creideamh agus cearta na mbocht.
Seo íomhá de Dhia as a mbainimse úsáid go minic. Samhlaigh tuismitheoir le beirt clainne – ceann díobh ag déanamh a hobair bhaile. Téann an tuismitheoir anonn chuici chun lámh chúnta a thabhairt di. Agus sin ar siúl aige, féachann sé amach trín bhfuinneog agus feiceann sé an páiste eile agus greasáil á imirt air. Céard a dhéanann sé? Gan dabht, fágann sé an páiste leis an obair bhaile agus téann sé i gcabhair ar an gceann eile. Cén fáth? Ní de bharr níos mó grá a bheith aige don cheann a bhí faoi ionsaí ná don cheann a bhí ag déanamh a ceachtanna. Ní hea, tá an grá céanna aige dóibh araon. Ach fágann sé ceann acu chun dul i bhfóir ar an gceann eile, de bharr an staid ina raibh an páiste sin. Tá an páiste i mbaol, i bpian, is mar sin is dual dó cúram agus coimirce a thuismitheora a bheith aige ag an bpointe sin, rud nach dteastaíonn ón bpáiste eile.
Radharc Dé
Agus mé ag samhlú Dia ag amharc ar an domhan, feiceann Dia mé ag scríobh chugat, agus tá grá dochuimsithe agus neamhchoinníollach aige dom. Ní fhéadfainn níos mó a iarraidh. Ach tá Dia ag amharc freisin ar mháthair éigin san Súdáin, a páistí ag fáil bháis le hocras ina hucht; agus ar pháiste éigin gan dídean i mBaile Átha Cliath, nó Londain, nó Calcutta, gan fhios acu cá gcodlóidh siad anocht; agus ar mháthair óg éigin, ag fanacht ina hárasán ar a fear céile alcólach, gan fhios aici an mbuailfidh sé aris í anocht. Mura mbeadh cúram tosaíochta ag Dia dóibh siúd, rud nach bhfuil uaimse faoi láthair, caithfidh me a rá nach tuismitheoir a bheadh ann.
Ní thagann rogha fábhrach Dé ar son na mbochtán ó ghrá níos mó a bheith aige do na bochtáin is na neamhchumhachtaigh ná mar atá aige don chuid eile dínn, ach toisc gur taise é Dia. Ní mór cúram ar leith a bheith ag Dia gur taise é dona pháisti atá ag fulaingt, atá i mbaol nó i bpian.
An gá dúinn rogha a dhéanamh
I saol lán d’éigeart, an gá dúinn rogha a dhéanamh bheith ar thaobh amháin nó taobh eile? Cinnte, mar is taise é Dia. Ní ionann bheith ar son na mbochtán agus na neamhchumhachtach is bheith i gcoinne duine ar bith. Séard atá ann ná bheith ar son duine – ar son na mbochtán is na neamhchumhachtach, agus bheith mar chuireadh do dhaoine eile bheith ar a son freisin.
Nuair a fhiafraíodh d’Íosa cé a bheadh i Ríocht Dé, d’fhreagair sé, “Is méanar daoibh siúd atá bocht, is libhse Ríocht Dé”. Ar scoil múineadh dom go mbeadh orm seasamh suas ar an dé deiridh, agus go nochtófaí mo pheacaí uile is mo dhea-ghníomhartha uile, agus ansin go gcuirfí sa mheá iad. Seans go ligfí isteach mé, seans nach ligfí. Ansin, thiocfadh ainniseoir eile i mo dhiaidh agus mar sin de. D’éireodh sé sin an-leadránach i ndiaidh an chéad chúpla milliúin! Mar sin, seans nach mbaineann an dé deiridh le nochtadh McVerry, nó duine ar bith eile, don saol mór. Seans gur nochtadh deireannach Dé don saol mór é, ar ché hé Dia féin. Agus cé hé Dia? Is taise é ár nDia. Agus cén slí is fearr chun Dia a nochtadh mar thaise ná fáilte chun na Ríochta a fhearadh rompu siúd ar cuireadh iachall orthu fulaingt ar an saol seo; iad siúd ar tachtadh a ndínit orthu; iad siúd a caitheadh ar leataobh. Is leis na bochtáin an Ríocht. Ansin fágtar mé ag amharc ar an Ríocht á dáileadh ar na bochtáin agus ní fios dom an éireoidh liomsa dul isteach ann! Bhuel, ligfear isteach mé má táim cairdiúil leis na bochtáin. Trí mo thaise féin, má bhím mar cara ag na bochtáin, cuirfidh siad fáilte romham sa Ríocht a tugadh dóibh. Ach, má dhúnaim mo shúile orthu, má theipeann orm nasc a chothú leo, má bhíonn fuath agam dóibh, conas is féidir liom bheith ag súil le cuireadh chun na Ríochta a fháil uathu?
An Eaglais agus cúrsaí polaitíochta
Agus sinn ag iarraidh muintearas leis na bochtáin agus ag iarraidh cuid den ualach a thógaint uathu, níl rud ar bith seachanta. Cuid den fhulaingt – an bochtanas is an imeallú a bhrúitear ar go leor daoine inár saol, ’siad laige polaitiúil agus polasaithe mí-chóra is cúis leis. Bíonn conspóidi sna hEaglaisí faoin méad rannpháirtíochta gur chóir a bheith ag an Eaglais i gcúrsaí polaitíochta. Déarfadh daoine áirithe nár chóir don Eaglais bheith ag plé le polaitíocht ar chor ar bith, nach bhfuil saineolas ar bith aici inti, agus gur choir di cloí leis an obair is dual di – eolas ar Dhia a thabhairt do dhaoine agus múineadh conas guí dóibh. Ach fógraíonn an Eaglais dínit an uile-dhuine agus nuair a cheiltear an dínit sin ní cóir go mbeadh cuid ar bith den saol saor ó scagadh na hEaglaise agus iarrachtaí na hEaglaise athrú a chur ar bun – Níl doras ar bith dúnta ar ghlaoch fáidhiúil na hEaglaise ar son na chirt. Má bhrúnn cinní polaitiúla, polasaithe no scéimeanna fulaingt agus imeallú ar dhaoine, agus má thógann siad uathu an dínit is dual dóibh, ní mór tabhairt futhu.
Ní soiscéal polaitiúil é an Soiscéal – is Soiscéal truach é. Ach seans go mbeidh air bóthar polaitiúil a shiúil más mian leis muintearas a dhéanamh leis na bochtáin is na neamhchumhachtaigh.
Foilsíodh an t-alt seo don chéad uair i dTimire an Chroí Naofa, Earrach 2002