About
Shop
Contact Us

Mass Readings

Catholic Ireland

Liturgical Readings for : Wednesday, 14th August, 2024
Readings in English
Next Sunday's Readings

CÉAD LÉACHT     

Sliocht as an  Leabhar Ezícéal,  Fáidh.         9:1-7. 18-22
Cuir comhartha croise ar éadan na ndaoine go léir a osnaíonn agus a mhairgníonn
mar gheall ar na himeachtaí gránna uile a bhíonn ar siúl in Iarúsailéim

Agus mise, Ezícéal ag éisteacht leis:
Druidigí anseo, a scriostóirí na cathrach, agus a uirlis scriosta ina láimh ag gach fear agaibh.”
Agus féach, tháinig seisear fear ó threo an gheata is faide ó thuaidh, a uirlis scriosta ina láimh ag gach fear acu, agus bhí fear in éadach lín ina measc a raibh adharc dúigh scríobhaí ina chrios. D’imigh siad isteach agus sheas le taobh na haltóra práis. D’ardaigh glóir Dhia Iosrael ó na ceiribíní, mar a raibh sí, go tairseach an tí; agus ghlaoigh sé ar an bhfear in éadach lín a raibh adharc dúigh ina chrios.

Dúirt an Tiarna leis:
Imigh ar fud na cathrach, ar fud Iarúsailéim, agus cuir comhartha croise ar éadan na ndaoine go léir a osnaíonn agus a mhairgníonn mar gheall ar na himeachtaí gránna uile a bhíonn ar siúl inti.Ezek waning mé é ag rá leis an gcuid eile: Gabhaigí tríd an gcathair ina dhiaidh agus buailigí gan anacal gan trócaire. Maraígí ar áit na mbonn idir fhir – sean agus óg – agus chailiní, idir pháistí agus mhná; ach ná bainigí d’aon duine a bhfuil an comhartha air. Tosaigí ag mo shanctóirse.”
T
hosaigh siad, dá bhrí sin, leis na sinsir a bhí os comhair an Teampaill.

Dúirt sé leo ansin:
Truailligí an Teampall agus líonaigí na cúirteanna leis na mairbh, agus gluaisigí libh.”
D’imigh siad leo agus mharaigh siad rompu ar fud na cathrach. Maidir liom féin, tabharfaidh mé chun cúitimh iad, gan anacal gan trócaire.”

Tháinig glóir an Tiarna amach ó thairseach an Teampaill agus sheas os cionn na gceiribíní. Spréigh na ceiribíní a sciatháin agus d’éirigh ón talamh; bhí mise ag amharc orthu agus na rothaí ag imeacht lena n-ais. Sheas siad ag an mbealach isteach ag geata thoir Theampall an Tiarna agus glóir Dhia Iosrael os a gcionn. Ba iad seo na dúile a chonaic mé faoi Dhia Iosrael ag an abhainn Ceabár agus bhí fhios agam gur cheiribíní iad. Bhí ceithre aghaidh agus ceithre sciathán ag gach ceann acu agus cosúlacht lámha duine faoi na sciatháin. Agus ba é cosúlacht a n-aghaidheanna na haghaidheanna céanna a bhfaca mé a gcosúlacht ag an abhainn Ceabár. Chuaigh gach ceann acu caol díreach ar aghaidh.

Briathar an Tiarna            Buíochas le Dia

Salm le Freagra           Sm 112
Freagra                          Tá ghradam an Tiarna os cionn na bhflaitheas.

1. Tugaigí moladh, a lucht freastail an Tiarna; molaigí ainm an Tiarna!
Moladh le hainm an Tiarna i láthair na huaire agus choíche!                                        Freagra

2. Ó éirí go luí na gréine, go raibh ainm an Tiarna á mholadh!
Tá an Tiarna os cionn na gciníocha uile, agus a ghradam os cionn na bhflaitheas.   Freagra

3. Cé is cosúil leis an Tiarna, ár nDia; atá ina shuí ar a ríchathaoir in airde?
Cromann sé ó na harda anuas chun féachaint ar neamh agus ar talamh.                    Freagra

SOISCÉAL 

Go raibh an Tiarna libh.            Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Mhatha 18:15-20              Glóir duit, a Thiarna.
Má éisteann sé leat, tá tú tar éis do bhráthair a thabhairt leat

San am sin dúirt Íosa lena dheisceabail:
  J sends the 72Má dhéanann do bhráthair peaca i d’aghaidh, gabh chuige á áiteamh air is gan ann ach é agus tú. Má éisteann sé leat, tá tú tar éis do bhráthair a thabhairt leat; ach mura n-éisteann, beir leat duine nó beirt eile, chun go mbeadh focal a dó nó a trí d’fhinnéithe ag deimhniú gach scéil.

Má dhiúltaíonn sé éisteacht leo sin, inis don eaglais é; agus má dhiúltaíonn éisteacht leis an eaglais féin, bíodh sé ina phágánach agus ina phoibleacánach agat.

Deirim libh go fírinneach, gach uile ní a cheanglaíonn sibh ar talamh beidh siad ceangailte ar neamh, agus nithe ar bith a scaoilfidh sibh ar talamh beidh siad scaoilte ar neamh. “
Agus deirim go fírinneach rud eile libh má bhíonn beirt agaibh ar talamh ar aon aigne faoi rud ar bith a bhíonn le hiarraidh acu, beidh sé le fáil acu ó m’Athair atá ar neamh.

Óir, mar a mbíonn beirt nó triúr tagtha i gceann a chéile i m’ainmse, bím féin ansin ina measc.”

Soiscéal an Tiarna.       Moladh duit, a Chriost


AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart