About
Shop
Contact Us

Mass Readings

Liturgical Readings for : Sunday, 21st July, 2024
Today's Readings
Readings in English

CÉAD LÉACHT

Sliocht as Leabhar Irimia, Fáidh.    23:1-6
Cruinneoidh mé féin fuüleach ma thréada agus cuirfidh mé aoirí gcionn a bheathóidh iad.

“Is mairg do na haoirí a ligeann do chaoirigh m’innilte imeacht ar aimhleas agus ar fán” – an Tiarna a labhraíonn.
Dá bhrí sin, is é seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael, I dtaobh na n-aoirí a bheathaíonn mo phobal: Lig sibh scaipeadh agus seachrán a theacht ar mo thréad agus níor thug aon aire dóibh. Féach, agróidh mise oraibhse olc bhur ngníomhartha – an Tiarna a labhraíonn. Ach cruinneoidh mé féin fuílleach mo thréada as gach uile thír inar dhíbir mé iad, agus tabharfaidh mé ar ais iad chun a dtalamh féaraigh: beidh siad síolmhar agus méadófar iad. Cuirfidh mé aoirí os a gcionn a bheathóidh iad; ní bheidh eagla orthu níos mó, ná uamhan; ní bheidh easnamh arbith orthu – an Tiarna a labhraíonn.; god's shep

Feach, tá na laethanta ag teacht – an Tiarna a labhraíonn –
agus ardóidh mé do Dháiví beangán fíréanta;
rialóidh sé ina rí go críonna,
agus déanfaidh sé breithiúnas agus ceart sa talamh.
Ina laethanta siúd sábhálfar Iúdá agus cónóidh Iosrael faoi dhóchas.
Is é seo an t-ainm a bhéarfar air: An Tiarna ár bhfíréantacht.’

Briathar an Tiarna               Buíochas le Dia.  

Salm le Freagra                Sm 22
Freagra                                Is é an Tiarna m’aoire, ní bheidh aon ní de dhíth orm.

I. Is é an Tiarna m’aoire, ní bheidh aon ní de dhíth orm.
Cuireann sé i mo luí mé  i móinéar féaruaithne.
Seolann sé ar imeall an uisce mé,mar a bhfaighim suaimhneas.          Freagra

2. Seolann sé mé ar rianta díreacha mar gheall ar a ainm.
Fiú dá siúlfainn i ngleann an dorchadais, níor bhaol liom an t-olc
agus tú faram le do shlat is do bhachall chun sólás a thabhairt dom.  Freagra

3. Cóiríonn tú bord chun béile dom i bhfianaise mo naimhde;
Ungann tú mo cheann le hola; tá mo chupán ag cur thar maoil.          Freagra

4. Leanfaidh cineáltas is fabhar mé gach uile lá de mo shaol.
I dteach an Tiarna a mhairfidh mé go brách na breithe.                        Freagra

DARA LÉACHT           

Sliocht as céad Litir Naomh Pól chuig na hEifísigh        2:13-18
Is eisean ár gceann réitigh: is é a rinne aon bhuíonon amháin den dá phobal.

J unifies usA bhráithre, tá sibh i gCríost Íosa; sibhse a bhí tráth I bhfad i gcéin, tá sibh tagtha i ngaire de bharr fhuil Chríost. Mar is eisean ár síocháin; is é a rinne aon bhuíon amháin den dá phobal nuair a leag sé ar lár an balla deighilte, an naimhdeas ina cholainn, agus chuir ar ceal an dlí agus a chuid aitheanta agus forálacha d’fhonn aon duine nua amháin a dhéanamh den bheirt ann féin trí shíocháin a dhéanamh eatarthu, agus an dá bhuíon a thabhairt chun athmhuintearais le Dia in aon chorp amháin leis an gcrois ar ar chuir sé an naimhdeas chun báis.

Tháinig sé ag fógairt dea-scéal na síochána daoibhse a bhí i bhfad uaidh agus dóibh sin a bhí ina chóngar; mar is tríd atá teacht againn araon ar an Athair faoi luí an aon Spioraid.

Briathar an Tiarna            Buíochas le Dia.  

Alleluia Véarsa             Eo 10: 27
Alleluia, alleluia!

Éisteann mo chaoirigh le mo ghlór,a deir the Tiarna
agus aithním iad, agus leanann siad mé.
Alleluia!

SOISCÉAL 

Go raibh an Tiarna libh.              Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Marcas,    6:30-34             Glóir duit, a Thiarna.
Bhí siad mar a bheadh caoirigh gan aoire.

sheep in dangerSan am sin tháinig na haspail le chéile timpeall ar Íosa agus d’inis siad dó a raibh déanta acu agus a raibh de theagasc tugtha acu. Dúirt sé leo:
Tagaigí sibhse go dtí áit uaigneach ar leithligh agus glacaigí bhur suaimhneas tamall” – óir bhí mórán daoine ag teacht agus ag imeacht agus ní raibh am chun bia féin acu.

D’imigh siad leo i mbád go dtí áit uaigneach ar leithligh. Agus chonaic mórán ag imeacht iad agus d’aithin siad iad, agus rith siad ann dá gcois as na cathracha uile agus bhain siad an áit amach rompu.

Ag teacht i dtír dó chonaic sé slua mór, agus ghlac sé trua dóibh mar go raibh siad mar a bheadh caoirigh gan aoire, agus thosaigh sé ag muineadh mórán nithe dóibh.

Soiscéal an Tiarna.       Moladh duit, a Chriost

************************************
Machtnamh ar Bhriathar Dé dia Domhnaigh

Aoirí don aimsear láithreach

I ngach réimse inniú tá géarchéim údaráis ann. Díreach mar gheall ar bheith i gceannas ní chinntíonn dé a thuilleadh géilliúntais dílseacht agus neamhcheistiú. An ceannaire oiriúnach do’n lá atá inniu ann, ní mór dóibh bheith ábalta meas agus iontaobhas a ghiniúint, duine de dhearcadh freagrachta soiléir, ar féidir leis (nó léí) rudaí a cchur chun cinn gan dearmad a dhéanamh ar mothúcháin daoine eile. Is iad na haoirí sa chreideamh daoine a thugann aire do dhaoine eile (Jeremiah); ceannairí a chuidíonn linn leanúint ar an mbealach ceart (Salm), agus a thaispeánann trua ar dhaoine eile ina laige (Soiscéal). Ní bhaineann an íomhá an aoire leis na heaspaig mar tréadaithe oifigiúla agus oidhrí na n’aspal, nó leis na sagairt pharóiste amháin. Baineann glaochaint an aoire ar shlí éigean le gach cineál ceannaireachta, sa réimse teaghlaigh agus sóisialta chomh maith agus le cúrsaí creidimh. Tugann focal Dé cuiúinn inniu scrúdú a dhéanamh ar an gcineál ceannaireachta a chuireann muid féin ar fáil do dhaoine eile

Pádraig Ó Rúairí, cp,
Sliabh Argus, Átha Cliath.
********************************************


AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart