By Sarah Mac Donald - 06 August, 2015
Bishop Brendan Kelly of Achonry led this year’s pilgrimage to Máméan in Co Mayo and in his homily appealed to pilgrims to proclaim the Good News of all of Creation by caring for the environment.
Despite the appalling weather, a large number of pilgrims participated as Fr Fintan Monahan celebrated Turas na Croise along with sean nós singer Máire Áine Uí Chadhain.
Fr Michéal Mac Gréil read the liosta na Mairbh while Bishop Kelly celebrated Mass along with Frs Pádraig Standún, PP, Carna, Séan Ó Conghaile, SSC, Korea, Paddy Considine, PE, Ros Muc.
Fr Kieran Burke of Leenane sang his newly composed song Amhrán Mháméan.
In his homily, Bishop Kelly referred to the Mass of St Patrick and urged the faithful to proclaim the Good News of all of Creation. He said proclaiming the Good News means looking after and preserving the air, the seas, the rivers, the mountains, and the beauty we have around us.
He spoke of how St Patrick’s spirituality would have been founded in this having lived in a place like Máméan or Croagh Patrick and that pilgrims to these Patrician Shrines might bring a sense of that with them when they return to their homes and workplaces.
Aifreann Máméan – courtesy: Bishop Brendan Kelly
Réamhrá:
Go mbeannaí Dia dhaoibh, a phobail dílis Dé, agus bhúr gcéad fáilte chuig Aifreann sa áit álainn diamhar seo! Táimid ag siúl inniu ar choiscéimeanna ár muintire siar thar na cianta agus ag guí Dé ar lorg Phadhraig Naofa féin.
Táimíd ag onórú ár ndúchas agus tradisiún ársa beannaithe ár muintire a chuaigh romhainn.
Bíodh muid umhal dá bhrí sin, agus aithríoch in aois seo an tsainnt as ucht aon dochar do dhaoine nó do chruthaíocht Dé as a bhfuilim féin nó an ghlún seo lena bhainim freagrach
An Chéad Léacht: (Gníomhartha…26:19-23)
Tá Pól gafa & tugtha ós comhair an Rí Agrippa mar gur fhógair sé do na daoine go gcaithfear aithrí a dhéanamh agus tiontú chun Dé… Rud a rinne Padhraig óg ar na cnoic agus é ag aoireacht na gcaorach.
An Dara Léacht: (1 Coir 18-25)
Díchéillí Soiscéal Chríost na Croise agus na Páise i súile an domhan shaolta…b’shin mar a bhí ar dtús aimsir Phóil Naofa fein, sin mar atá inniu…lenár linn féin
SOISCÉAL : Marcas 16 :15-20
Aitheasc :
‘Imigí faoin domhan uile agus fógraígí an Deá-Scéal don chruthaíocht uile…
Baineann Deá-scéal Dé leis an gcruthaíocht uile. Ní leis an gcine dhaonna amháin. Tá cúram na chruthaíochta uile curtha orainne ag Dia. Muid freagrach as a bhfuil ag tarlú dhó. Bhfuil se á chaomhnú nó á chreachadh againn?
Chuir Dia féin an chruthaiocht i lámha an duine an chéad lá (féach an chéad chaibidil de Leabhar Genesis), ní len’ é a ídiú agus a scrios, ach le maoirseacht a dhéanamh ar ina ionad féin agus é a chaomhnú agus a choinnéal torthúil. Agus an focal deireannach ó bhéal an tSlánaitheora féin, Íosa Chríost, anseo i Soiscéal Mharcais…leagann sé an cúram an chruinne uile ar a chuid deisceabail: ‘Fógraígí an deá-scéal don chruthaíocht uile’.
Bhfuil faillí déanta againn ar an gcúram bhunúsach seo? Mar chine, mar Chreideamh, mar chomhluadar agus mar dhaoine aonair? Le blianta anuas, tá daoine a rá go bhfuil, agus anois tá an Pápa Proinnsias féin, ag shála a phátrúin Naomh Proinnsias, ag rá: sea! caithfimíd aire a thabhairt, breathnú arís ar an gcruthaíocht, an dúlra agus nádúr an duine daonna féin agus a bhfuil á dhéanamh againn leis, éist lena ghlao, agus muid fhéin a mhúscailt chun catha ar a son. Is ar ár son féin sa deire thiar a chaithfear an chath seo a throid.
Ach go háirithe inniu freisin ar son ár mbráithre agus chomhdhaoine atá bocht, dearóil agus ar an gannchuid a chaithfimíd an scrios atá dhá dhéanamh a stopadh…agus tosaigh ag tabhairt aire don baile, don áitreamh seo atá tugtha dúinn ag an Chruthaitheoir fein, Dia ár nAthair, dúinn le maireachtaíl ann
Ciallaíonn sin dúinne, lucht leanúna Íosa Chríost agus Padhraig naofa, go bhfuil rian agus bealach nua le roghnú agus le leanuúint againn ar fad anois ag tús an chéid agus na mílaoise nua seo.
Ta muid anseo inniu in ómós go Phádraig naofa. Tá an oilithreacht chrua, an siúlóid déanta againn isteach anseo go Máméan, i bhfad ón siabhialtacht agus ón gcompóirt. Gaoth agus gála agus báisteach ag gláradh anuas orainn; geimhreadh i lár an tsamhraid.
Ach is fiu é! Le go mbeadh muid anseo bailithe i gcomhluadar Phadhraig –
Ach ní Padhraig Easpag, an Padhraig a d’fhill ar Éirinn as a stuaim féin, ach Padhraig óg, sclábhaí, Padhraig aoire caorach amuigh ar na cnoic de ló is d’oíche, soineann nó doineann. Mar a dúirt sé féin ina Fhaoistin, é gan ach sé bliana déag d’aois agus é ‘suite go suarach i measc coimhthíoch’.
Sin é an Padhraig atá inár gcomhluadar anseo i Máméan (breathnaigh ar an Dealbh álainn!) Padhraig i gcruachás atá linn anseo…agus nuair nach raibh aige ach dúlra Dé, na cnoic agus na caioirigh, b’shin an uair a mhúscail aitheantas Dé ina chroí arís: i gcearlár an uaignis, gan foscadh ón síon, oscailte don spéir agus don nadúr dhiamhar mórthimpeall air.
An féidir creideamh i nDia mura bhfuil teangbháil againn leis an dúlra, mura bhfuil blas faighte – agus á chothú ionainn – don timpellacht allta álainn ina bhfuilimíd suite? Scrioptúr bhunúsach Dé dúinn!
Agus ní ar son ár gcompórd amháin é ár gcreideamh i nDia…ach le go mbeadh ómós againn agus go nglacfadh muid freagracht orainn fein…don domhain agus a bhfuil ann!- Fé mar atá á agairt ag an bPápa orainn ina litir álainn dúshlánach ‘Laudato Sí’.
Bheadh Padhraig naofa, an slábhaí ar na cnoic ar aon fhocal leis. Ní féidir ár gcosa lomnocht a leagan ar chlár na cruinne seo agus an talamh a bhrath fúinn gan cuimhniú an Chruthaitheora a bheith dhá mhúscailt inár gcroíthe. Ní tré sheans a mhaireann oilithreacht Loch Deirg fós ach an oiread leis an oilithreacht seo agus oilithreacht na Cruaiche.
Muid anseo inniu in ómós don Athair a thug an chruthaíocht dúinn, i gcomhluadar an Mhic a Shlánaigh sin lena Thuras leis an gCros. Agus le Padhraic naofa, sclábhaí agus coimhthioch inár measc ar dtús, ach ár nAoire Mhaith ar deire , i gcónaí agus go brach … [mar gurb é a chuir ar an eolas muid ar dtús faoin Slánaitheoir Íosa Chríost]
Go dtuga Dia dhúinn oidhreacht Phadraig a ath-mhúscailt ionainn fein ar dtús agus ansin inár muintir le go maire muid slán ag déanamh aoireacht ceart ar a chéile agus ar an domain, ár dteach féin, ár dtearmainn agus ár mbaile dhúchais ’fhaid is ’fhágas Dia ar an saol seo muid.
‘Imigí faoin domhan uile agus fógraígí an Deá-Scéal don chruthaíocht uile…’