About
Shop
Contact Us

Luachanna an duine dhaonna faoi ionsaí?

30 November, 1999

Sé intinn an Phápa do Mhí Bhealtaine 2008 ná: Go mbaine Críostaithe leas as an litríocht, na healaíona agus as na meáin chumarsáide chun luachanna an duine dhaonna a chosaint agus a fhorbairt. Scríobhann Críostóir Ó Floinn an t-alt seo chun an intinn seo a léiriú.

Dá gcuirfí ceist ar dhuine ar bith againn mar a leanas: ‘An bhfuil ciall agat, an bhfuil bua na tuisceana agat, an bhfuil ar do chumas réasúnú go loighciúil chun do leasa féin agus chun leasa a bhfuil faoi do chúram?’, ní baol ná go mbeadh an freagra dearfa, go modhúil nó go mórtasach, ar bharr na teanga againn. Ach más fíor go bhfuil na buanna sin ag an gcine daonna go coitianta, conas a tharla go bhfuil imní ar Phápa na Róimhe luachanna an duine dhaonna a bheith i gcontúirt chomh mór sin gur gá a iarraidh ar Chríostaithe a gcion a dhéanamh leis na luachanna sin a chosaint agus a fhorbairt?

An é go bhfuil cine éigin eile, neacha cumhachtacha ó láthair éigin eile sa chruinne, ag imirt a dtionchair orainn go naimhdeach chun ár n-aimhleasa, mar a shamhlaítear dúinn i gclár teilifíse ar nós Star Wars? Ní hé, gan amhras, ach san insint a thugann an Bíobla dúinn ar chruthú an domhain agus a bhfuil ann, deirtear gur tharla a leithéid sin díreach de thubaiste nuair a thug an duine cluas do ghlór mealltach bréagach an Ainspioraid; an neach a cruthaíodh ina ardaingeal glórmhar sárintleachtúil, ach ar thug an t-uabhar air an chéad diamhaslú a dhéanamh agus díol dá réir as an dánaíocht uafásach sin, gur iompaigh ina namhaid dá Chruthaitheoir agus don chine daonna. Toradh an naimhdeachais sin is ea an claonadh chun oilc i nádúr an duine, claonadh a bhíonn de shíor á ghríosadh chun na buanna a bronnadh air a úsáid go míréasúnta chun a aimhleasa féin agus a chomhluadair agus a thimpeallachta.

Sa lá ata inniu ann, tá faitíos ar go leor daoine stuama ar fud an domhain, agus Pápa na Róimhe féin ina measc, gan amhras, go bhfuil an duine ag déanamh díobhála go fisiciúil don phláinéad seo is áitreabh dó sa chruinne gan teorainn. Tá fianaise na díobhála amaidí sin ag dul i léire ó bhliain go bliain. Sular tosaíodh ar na cearca choinneáil i ngéibheann i seideanna, bhí seanfhocal ag bean an fheirmeora a dúirt: gurbh olc an chearc a mhillfeadh a nead féin. An fíor, mar sin, gur lú dáiríre ciall an duine ná eagna circe, tharla go bhfuil ár n-áitreabh féin, an pláinéad seo, á thruailliú againn? Ní fíor, gan amhras, ach go bhfuil an tsaint agus an dúil sa soilíos, má scaoiltear saor iad ó shrian na moráltachta, in ann an lámh in uachtar a fháil air idir chiall agus réasún. Mar sin freisin do na fáil chosanta a cheap Dia na glóire dúinn sna deich nAitheanta chun sláinte ár meoin agus ár n-anama a choinneáil ón truailliú a mhilleann pearsantacht agus buanna an duine. Nuair a thugann daoine an chluas bhodhar do ghlór na fírinne agus na dea-chomhairle, mar atáid ar fáil go fial is go léir i dteagasc Chríost, mealltar iad ag an nglór eile úd, cantaireacht atá chomh binn is chomh fealltach leis an amhrán a chan an tSíréana d’fhonn Odaiséas a bhaint dá threoir abhaile.

Toradh ar na buanna a bhronn an Cruthaitheoir orainn is ea an litríocht agus na healaíona agus na meáin chumarsáide. Ní luann Hóiméar an bard gan a thabhairt le fios gurbh iad na déithe a bhronn bua na héigse is an cheoil air, agus is é An Choiméide Dhiaga le Dante an dán is iontaí dar ceapadh riamh. Ach tá cumas chun dochair agus díobhála i ngach aon bhua daonna, agus tig leis an údar, leis an ealaíontóir, leis an iriseoir is leis an gcraoltóir tionchar a imirt ar dhaoine a dhéanfaidh truailliú ar luacha an duine dhaonna atá níos measa fós ná an truailliú atá á dhéanamh go baoth ar an timpeallacht. Ina shárshaothar, Cathair Dé, tugann Naomh Aibhistín léargas dúinn ar an dochar a dhein drámaí mímhorálta do sheanluachanna cathartha is do shochaí Impireacht na Róimhe. Inár ré féin is ea a tháinig na meáin chumarsáide leictreonacha ar an saol de thairbhe éirim agus réasún an duine, ach is léir anois an dochar atá á dhéanamh acu mar mhalairt ar an siamsa agus an tairbhe a thagann dá mbarr. Glór an Ainspioraid, an glór mailíseach úd a thugann ar dhaoine neamhaird a thabhairt ar theagasc Chríost, maille le craos chun saibhris, sin iad is bun leis an ísliú ar chaighdeán na heitice is na moráltachta atá le sonrú go leanúnach sa litríocht, sna healaíona agus i ngach réimse de na meáin chumarsáide, agus tá drochthoradh an tionchair sin ar an tsochaí ag dul i méid in aghaidh na bliana. Mar a dúirt an file, Piaras Mac Gearailt (1702-1795) faoin phósadh éigneach pholaitiúil idir an stuaire mhánla, Éire, agus an t-arrachtach, Seán Ó Dí,

‘Ní ghéillim nach spiorad naimhdeach do tháthaigh dlúth an dís,
A chuspóir pheacaigh Mhámoin, ’na measc, mo náire, bhís’.

Tá sé de dhualgas, mar sin, ar Chríostaithe a ndícheall a dhéanamh, in ainneoin a gcuirtear de bhac ar a n-iarrachtaí, le hintinn seo an Phápa a chur i ngníomh.


Intinn Choitianta an Phápa do Mhí Bhealtaine 2008
Go mbaine Críostaithe leas as an litríocht, na healaíona agus as na meáin chumarsáide chun luachanna an duine dhaonna a chosaint agus a fhorbairt.

 

Tags: