Deir an tAthair Mícheál Mac Eochagáin: “Is é an t-aon díomá sa saol seo ná gan a bheith naofa.” Múineann sé an diagacht i gCliarscoil Mhór Pheadair i Zomba, Malawi.
Is ionann bheith naofa agus bheith gar do Dhia mar is é Dia amháin atá naofa. Sin an t-aon chuspóir atá ag an saol, bheith naofa. Tháinig Críost le sinn a shábháil ón pheaca agus sinn a dhéanamh naofa agus bhunaigh sé an Eaglais chun an naofacht a chur chun cinn. Tá sé de dhualgas orainn uilig san Eaglais bheith naofa muid féin, agus naofacht a chothú i ndaoine eile, gach duine ar a dhóigh féin. Is í gairm na nEaspag, na sagart agus na ndéagánach pobal Dé a ghiollacht ar shlí na naofachta, trí Briathar Dé a theagasc agus an liotúirge a cheiliúradh, ionas gur féidir linn bualadh le Críost ó lá go lá agus aithne a chur air. Is í an ghairm beatha iontach atá ag lucht na beatha rialta ná dul ar thóir na naofachta – ar chosán faoi leith atá leagtha amach d’aon ghnó leis an chuspóir sin – agus sinn uilig – a thabhairt leo sa bhealach céanna. Is í an ghairm atá ag na tuataí ná an naofacht a aimsiú in ngnóthaí an lae, ag iarraidh áit naofa a chruthú sa domhan ina bhfuilimid, áit ina mbeidh rian Dé soiléir do chách. Ní cuid dár saol é an naofacht; is é ár saol iomlán é.
Gach smaoineamh, focal agus gníomh
Ní iarrtar orainn bheith naofa i réimsí beaga, ar feadh cúpla nóiméad i rith an lae nuair a iompaímid i dtreo Dé san urnaí nó inár smaointe. A mhalairt ar fad, cumhdaíonn sé gach smaoineamh, focal agus gníomh, gach lá. Déantar gach rogha, bíodh sé an-bheag, i láthair Dé, agus mar sin ní rud beag é ar chor ar bith. Ar bhealach, cuirimid ár saol iomlán i ngeall le gach rogha. Tugtar cuireadh dúinn bheith naofa an lá ar fad, gach lá.
Táimid go léir ag brath ar a chéile i gcuardach na naofachta. Gan chléir ní bheadh Críost i láthair againn go pearsanta trí na sacraimintí. Gan lucht na beatha rialta, a tharraingíonn siar ó chúramaí an tsaoil seo le Dia a chuardach in áiteanna folaithe, ní bheadh doimhneacht iomlán láithreacht Dé le brath ag duine ar bith dínn. Gan na tuataí, ní bheadh cléir ná beatha rialta ann agus níorbh fhiú na seirbhísí speisialta uilig, mar is í naofacht phobal Dé uile atá mar cuspóir ag Dia ón tús. Tá róil agus cuspóirí éagsúla againn go léir, ach níl ach pleán amháin ann agus is é sin go ndéantar naoimh dínn go léir, le chéile.
Comhoibriú le chéile
Amantaí, cuireann cúrsaí iachall orainne go léir comhoibriú le chéile san aon fhiontar amháin. An bhliain seo, mar shampla, in a lan tíortha i ndeisceart na hAfraice tá na milliúin daoine nach bhfuil go leor le n-ithe acu. Ar a lan cúiseanna – drochfhómhair le blianta beaga, breabaireacht, easpa réamhradhairc agus toisc nach bhfuil daoine traidisiúnta in ann a gceachtais bia a athrú, tá an cás go dona agus tá an bás ag bagairt ar na mílte móra daoine. Is ionann an naofacht dúinn inniu agus a bheith ar nós Dé agus an cúram trócaireach atá aige dá phaistí is boichte. Caithfimid go léir comhoibriú le chéile anois, is cuma cá bhfuilimid ar domhan, le bia a thabhairt dóibh siúd a bhfuil ocras orthu.
Sinne atá sa domhan saibhir, a bhfuil airgead agus acmhainní againn, caithfimid na hacmhainní sin a chur ar fáil láithreach. Tá a lan daoine ag déanamh amhlaidh, go fial. Sinne atá níos cóngaraí don fhadhb, idir chléir, lucht na beatha rialta agus na tuataí, caithfimidne ár ndícheall a dhéanamh na hacmhainní a sholáthar do na daoine is mó a bhfuil siad de dhith orthu. Arís, tá a lan daoine ag déanamh amhlaidh. Mórthimpeall Dheisceart na hAfraice, tá daoine – ní amháin Críostaithe – ag roinnt a gcuid ama agus a gcuid acmhainní go fial le bia a thabhairt do lucht an ocrais atá ar gach taobh. Anseo i Zomba tháinig bronntanais fhiala ó Éirinn, agus dá bharr sin, bhí an tEaspag in ann min bhuí a cheannach ar phraghas réasúnta. Tugann na sagairt an mhin bhuí chuig na paróistí agus dáileann na cinnirí Críostaí é amach orthu siúd a bhfuil géarghá orthu. Is é ár gcomhoibriú a thugann an bia sin dóibh.
Sin í an naofacht ag obair. Sin é Dia ag roinnt a bheatha lena phobal ionas gur féidir leo, ina seal, roinnt lena mbráithre agus a ndeirfiúracha. Is mó an naofacht ná urnaithe agus sacraimintí amháin. Is beatha í an naofacht agus grá agus cúram agus trócaire. Ag an deireadh thiar thall ní fiú rud ar bith eile ach an naofacht. Is é an t-aon díomá sa saol seo ná gan a bheith naofa.
Foilsíodh an t-alt seo don chéad uair I dTimire an Chroí Naofa, Earrach 2003