About
Shop
Contact Us

Féile na Samhna – an bhunchiall

30 November, 1999

Is féidir iarsmaí den chultúr Cheilteach a aithint taobh thiar de Shollúntas na Naomh Uile agus de Chuimhneachán na bhFíréan Uile atá marbh. Míníonn Dáithí Ó hÓgáin dúinn bunchiall Féile na Samhna.

Sa bhféilire Ghailleach ón gcéad tar éis shaolré Chríost, tá Samonios áirithe mar fhéile thábhachtach den bhliain. Sin Samhain mar a bhí crot an fhocail sa Ghaeilge ina dhiaidh sin. Cé gur tús an tsamhraidh a bhí i gceist ag na Gailligh le Samonios, is léir as sin ar a laghad go raibh an teideal sin in úsáid ag sean-Cheiltigh na Mór-Roinne do cheann de phríomhpointí na bliana. Réiteach na faidhbe seo is ea gur chiallaigh Samonios “an leath” nó “tús an leatha”.  Bhí an dá leath den bhliain ann, agus Samonios nó Samhain ba ea iad araon. Tá an leagan amach sin le brath fós ar na teangacha Ceilteacha. Cuir i gcás, bhí “an chéad Shamhain” (atá tagtha ón gCeiltis kintu-saminios) mar mhalairt ainm ar fhéile na Bealtaine anuas go dtí an 17u céad féin i nGaeilge na hÉireann, agus tá
leagan den téarma céanna “Céitean” fós mar ghnáthainm ar fhéile na Bealtaine i nGaidhlig na hAlban. Mar an gcéanna don Bhreatnais, mar a gciallaíonn leagan de téarma, “Cyntefin”, an Bhealtaine arís.

An dara Samhain, sin í a tuigeadh mar an tSamhain mhór do Ghaeil, an tús leatha ba thábhachtaí, agus bhí cúis fhíorsheanda leis sin. Ba nós ag na Ceiltigh in áireamh ama, an dorchacht a chur roimh an solas. Cuir i gcás, dhéanaidís an oíche a áireamh roimh an lá, agus an leath dorcha den bhliain roimh an leath geal. Sin é an fáth go ndeirimid fós mar seo sa Ghaeilge: “Ó Shamhain go Bealtaine, agus ó Bhealtaine go Samhain”.  A bhunús seo mar áireamh, mar is cosúil go ngéilltí an chéad chuid den omós do na mairbh, agus an dara cuid don mbeo. Thuigtí gur i réimse na marbh a bhíodh an ghrian ar a gluaiseacht di thar oíche – faoi bhun na talún mar a mbíodh na mairbh curtha – agus bhí an dul siar le luí na gréine mar shamhailt ag daoine ar an mbás. Nuair a bhíodh dorchacht sa saol seo, mar sin, is geal a bhíodh sa saol eile, agus an tslí eile timpeall.

Mar mheas ar na mairbh a ghéilltí  tús áite dóibh agus don leath dorcha ba thoradh ar gach casadh de dhomhan ar a mhol féin agus um ghréin, ná tuigtí ceachtar cúrsa díobh, dar ndóigh, ach mar thimpeall lae agus timpeall bliana. Agus bhí tionchar an tseanmhodh áirimh seo ar am le brath ar thraidisiún na hÉireann ar shlite éagsúla níos faide anall. An tsíorimirt idir gile agus scáil, cuir i gcás, a bhíodh curtha ar an gcéad dul síos mar chluiche an tsaoil idir dhá phearsa a raibh Donn agus Fionn glaoite faoi seach orthu. (Donn dia na marbh ó bhunús, agus Fionn siombail an tsolais mar fheighlí ar shaol na mbeo). Cuimhnímis ar an dá tharbh, an Donn Cuailgne agus an Finnbheannach, sa Rúraíocht; ar Dhonn Fírinne agus ar Fhinnbharra a bhí mar ríthe ar aos sí na Mumhan agus Chonnacht faoi seach. Ní taise do na rincí móra a bhíodh ar siúl um Bealtaine agus um Shamhain, le lánú ag seasamh don gheimhreadh agus lánu eile don samhradh; nó, go deimhin féin, ar na cluichí iomána a bhíodh ar siúl sa tseanré ar an dá fhéile sin agus geansaithe dorcha agus geala á gcaitheamh ag na foirne éagsúla.

Ní haon ionadh, go deimhin, gur ghlac Eaglais an iarthair, faoi thionchar iarsmaí den chultlúr Ceilteach, leis an tSamhain mar ócaid chun cuimhneamh ar na mairbh dhílse a bhí imithe uainn.  D’fhéadfaí a rá go raibh trasnáil áirithe idir an dá shórt siombalachais, agus go raibh easnamh iomláine ar fomháineachas na hEaglaise ar sholas agus dorchacht. Le féile seo na marbh, áfach, deineadh an comhar a chúiteamh beagán, agus cé acu againn ná déarfadh gur cothromaí agus gur críonna an tuiscint nach namhaid dúinn an dorchacht, ach gur gné amhain den léirstin againn é. Agus, rud eile, maíonn an Chríostaíocht gur geal é an saol iar mbáis. Go deimhin fein, cuireann an Chríostaíocht ar ár suile dúinn – ar a chuireadh seandraoithe na gCeilteach – gur den chothromaíocht tús áite a thabhairt don saol eile ar an saol seo nuair a oireann sin.

Ní hionann a leithéid agus ná fuil tábhacht mhór le saol na mbeo, mar gur ar an saol seo atá a caoi againn ar an bhfírinne a chleachtadh. Ach, tar éis agus ar an taobh eile dár gcumas, tá an saol eile ann; “slí na fírinne” a thugaimid air i dtraidisiun na Críostaíochta. Agus ár seacht ndícheall déanta againn ar son na maitheasa ar an saol seo, ní ceart aon lagsprid a theacht orainn, agus ba cheart a choimeád inár meabhair focail an fhile: “Díombuan an saol seo, is ná humhlaigh dó!” 


Foilsíodh an t-alt seo i dTimire an Chroí Naofa (Fómhar 2004) don chéad uair. 

 

 

Tags: