Seo dhíbh roinnt cúnamh do cheiliúradh liotúirge an Aifrinn don 3ú Domnach na Bliana.
Réamhrá
In irisí agus nuachtáin airithe, ó am go ham, bíonn liostaí le seiceáil féachaint an bhfuilimid níos fearr nó níos measa ná daoine eile i gnéithe éagsúla dár saol nó an bhfuilimid ar chómh-chaighdeán leo. Nuair a scríobh Matha síos na Biáide a thug Críost dúinn an lá úd ar a sliabh, níor rith sé leis boscaí beaga le haghaidh x-anna agus o-anna a chur isteach . Má bhíonn sé de dhánaíocht ionam sin a dhéanam le mo bhoscaí féin chun caighdeán mo chuid
Chríostaíochta a aimsiú, tá súil le Dia agam… well, ar a laghad, go mbeidh mé cneasta liom fein.
Smaoineamh
Más mian leat post ar phá a fháil nó ionad ar fhoireann peile a bhaint amach, ní mór duit cáilíochtaí áirithe a bheith agat.. B’fhéidir go scrúdófaidh bord tofa na cáiliochtaí sin chun a bhfeabhas a mheas. Beidh suim acu sna scileanna atá agat, sa dearcadh atá agat, sa mhana atá agat faoi dhualgaisí an phoist agus mar sin de. Uaireannta, tiocfaidh liosta de na bun-riachtanaisí seo chugat leis an bhfoirm iarratais; uaireannta eile, ní mór duit dul sa tóir orthu, tú féin, pé ar bith áit ina bhfaighidh tú iad.
Mar an gcéanna leis an gCríostaí atá iarraidh ionad a fháil i Riocht Dé; beidh cáilíochtaí ar leith á n-éileamh air nó uirthi, cáilíochtai do-éalaithe. Cá bfaigheadh duine eolas ar na cáilóchtaí sin? Tugann Matha an liosta dúinn i Soiscéal an lae inniu. Na Biáide a tugtar ortu, An duine atá bocht o spiorad, atá ceansa, atá glan ó chroí, a fhulaingíonn géarleanúint mar gheall ar an bhfíréantacht, a bfuil dlúth-bhaint aige le lucht an dobhróin, le lucht
déanta na síochána, le lucht na trócaire, tá daoine mar sin lán-cháilithe chun Ríocht Dé a bhaint amach.
Ach féach, an chuid is mó de mhuinntir an domhain, iad siúd atá an-smartáil, de réir chaighdeáin an domhain, nach beag an meas atá achu ar rogha Chríost sna Biáide? Tá freagra orthu sin ag Pól sa sliocht a léadh anseo ar na mallaibh. “Thogh Dia níthe uirísle, suaracha, an tsaoil ionnas nach ndéanfadh daonnaí ar bith maíomh i bhfianaise Dé. ” Fainic, a phobail Dé, cé aige a beidh an gáire deireannach!
Guí an Phobail
Ceannasaí
Tá treoir agus teagasc againn sna Biáide conas is féidir linne, mar lucht leanúna Íosa, an beart chun leasa an chine daonna a chur ar aghaidh. Maímid, mise agus tusa, gur den dream sin sinne. Guímis, le cabhair Dé, nach dteipfimid ar ár ndualgas.
Fógróir
Ceannasaí
Seo é ár nguí chugat, trí Íosa Críost ár dTiarna. Amen
An Phaidir
A Íosa, tá tú lán-pháirteach linn anseo agus sinn ag guí chun an Athar, de réir mar a mhúin tú sinn.
Machnamh tar éis an gComaoin
1. An tAlcól: Dúshlán na Measarthachta
Tá plaic crochta ar an mballa in a lán de na hionaid a chuireann cóir ar andúilithe,
agus scríofa air tá: ‘Is tusa amháin atá in ann é a dhéanamh ach ní féidir leat é
a dhéanamh i d’aonar’. Cuireann sé seo i gcuimhne dúinn go gcaithfidh muid glacadh
leis nach bhfuil ár neart tola uilechumhachtach agus cé ‘go bhfuil an Spiorad
toilteanach, tá an corp lag’ (Maitiú 26:41). Cuireann sé i gcuimhne dúinn freisin
go gcaithfidh muid cúnamh a iarraidh ar Dhia agus ar a chéile má tá muid ag
iarraidh alcól agus na bronntannaisí eile a fuaireamar ó Dhia a úsáid go measartha.
Freisin, tá sé ag cur i gcuimhne dúinn go bhféadfadh sé gur ‘muide’ an crann taca
a theastaíonn ó dhaoine agus iad ar thóir tacaíocht ón AA nó ó ionaid leighis nó
ó chomhairleoir. B’fhéidir nach mbeadh an t-am, an fhuinneamh ná an scil againn
chun cabhrú leo ach b’fhéidir go mbeadh sé ar ár gcumas iad a threorú i dtreo an
chúnaimh a theastaíonn uathu.(Tréadlitir ó Chomhdháil na nEaspag Éireannach)
2. A Íosa a Aonmhic an Athar
A Íosa a Aon-Mhic an Athar ‘s a Uain,
Thug fíorfhuil do chroí ghil dár gceannach go crua,
Bí’m dhíonsa, bí’m choimhdeacht, bí’m aice gach uair,
Más luí dom, más suí dom, más seasamh, más suan.Ó ísligh mo dhíoltas is m’fhearg is m’fhuath,
Is díbir na smaointe mallaithe uaim;
Lig braon beag ded’ Naoimh Spiorad beannaithe ‘nuas,
A scaoilfeas an croí seo’tá ‘na charraig le cruas.Tabhair tionscnamh dom ghníomhartha i d’ainm go buan,
Is críochnaigh le fíorcheart de ghnáth mo uaill,
Go bhfaighinnse teacht saor ó gach cealg is cluain,
A Rí Mhic, ‘s go bhfaighinnse bheith ag amharc ort suas.(Cathal Buí Mac Giolla Ghunna)
Focal Scoir
Is é crann do chroise crann ár mbeatha, a Íosa .
CATECHETICS COMMISSION OF THE IRISH BISHOPS’ CONFERENCE