About
Shop
Contact Us

Dom Columba Marmion – naomh uasal Éireannach

30 November, 1999

Scéal Éireannaigh naofa a raibh tionchar an-mhór aige ar an Eaglais sa 20ú haois. Seán Ua Cearnaigh a scríobh.

Bhí slua mór as Éirinn i láthair sa Vatacáin ar an Domhnach, 3 Meán Fómhair, 2000, nuair a beannaíodh manach naofa ó chathair Átha Cliath. Dom Columba Marimon an duine a bhí i gceist.

Ba dhuine fíornaofa é Dom Marmion. Fear a rinne obair Dé gach lá riamh! Fear a raibh tionchar aige ar gach éinne a chas air! Sagart séimh cineálta a raibh grá Dé riamh ag roinnt leis! Scoláire mór agus scríbhneoir leabhar i bhFraincís, leabhair a bhí curtha le chéile d’aonghnó chun glóire Dé agus na Críostaíochta.

Beannaíodh an fear fiúntach seo i ngeall ar ar rinne sé i rith a shaoil agus freisin cionn is go raich miorúilt shuntasach curtha ina leith. Sa bhliain 1966 thárla go raibh cónaí ar bhean i Minnesota a bhí go dona tinn le hailse na scamhóga, í ar thairseach an bháis i ndáiríre. Patricia Bizan ba ainim di agus ba Chaitliceach í. Bhí seachtar páistí aici. Thosaigh sí féin agus a clann ag guí chuig Dom Marmion agus tháinig biseach uirthi i ngeall ar na paidreacha sin. Níorh fhada go raibh sí leighiste go huile agus go hiomlán. Nuair a rinne na dochtúirí x-gathú uirthi ní raibh teacht ar rian dá laghad den ailse.

Ach maidir le Dom Marmion féin – rugadh é i 57 Stráid ne Banríona, Baile Átha Cliath, ar an gcéad lá d’Aibreám 1859. Baisteadh é in Eaglais Naomh Pól agus tugadh Seosamh mar ainm air.

B’as an mBeilg dá mháthair, rud a d’fhág go raibh an Fhraincís aige ó dhúchas agus go raibh lé aige riamh le tír na Beilge. Go deimhin is sa tír sin a chaith sé bunús mór a shaoil mar shagart.

Fuair sé oideachas den scoth i gColáiste Belvedere. Chuaigh sé isteach, mar ábhar sagairt, ansin i gColáiste na Croise Naofa i gCluain Life. Ina dhiaidh sin chaith sé tréimhse sa Róimh agus is ann a oirníodh é in 1881. Chaith sé bliain mar chúraídeach i bparóiste Dhún Droma i mBaile Átha Cliath. Ceapadh é ansin mar ollamh le fealsúnacht i gColáiste Chluain Life. Agus bhí dualgais eile le chomlíonadh aige freisin, óir bhí sé ceaptha mar shéiplíneach i bpríosún Mhoinseoigh. Ceithre bliana ar fad a chaith sé i mbun na ndualgas seo. Bhí sé de cháil air le linn na tréimhse úd gur duine stuama tuisceanach é. Agus bhí sé thar a bheith cineálta. Bhí sé sin fíor ach go háirithe maidir leis an gcaoi a chaith sé leis na príosúnaigh bhochta i Moinseoigh. Mar chréatúir Dé agus ní mar choirpigh a dhearc Seosamh Marmion orthu riamh.

An obair fhiúntach a bhí ar bun aige sna blianta úd thug sí an-sásamh dó. Ach, i ndeireadh na dála, d’fhág sé slán le Baile Átha Cliath. Bhí lé mhór aige riamh le saol na manach. Thriall sé ar an Mór-roinn in 1886, go ndeachaigh sé isteach i dteach nóibhídeachta na mBeinidicteach i Mainistir Maresdous i Namur na Beilge. Chaith sé cúig bliana i mbun staidéir anseo. Glacadh leis mar mhanach den Ord in 1891. An t-ainm a ghlac sé mar bhall den Ord ná Dom Columba, Sa bhliain 1895 cuireadh go hÉirinn é thar cheann na mainistreach chun a bheith páirteach i gcéiliéradh chéad bhliain Choláiste Mhaigh Nuad.

Sa bhliain 1899 ceapadh é mar Phríoir ar Mhainistir Mont Cesar sa Lóvaín. De bhreis ar sin bhíodh sé ag múineadh Diagachta ann. Leathscór bliain ina dhiaidh sin arís (Meán Fomhair 1909) ceapadh é mar Ab ar Mhainistir Maresdous. D’fhill sé go ríméadach ar a sheanmhainistir agus lean sé leis mar Ab ann as sin go lá a bháis.

Ar 28 Iúil 1914 bhris an Cogadh Mór amach. Agus na Gearmáinigh ag gabháil trí thír na Beilge thuig Dom Columba agus a chuid manach go rí-mhaith nach rabhadar sábháilte ná leath-shábháilte i Maresdous. Bhí sé ar intinn acu tearmann a lorg i Sasana.

Chun an chuspóir sin a chur i gcrích thaistil Dom Marmion – agus é i riocht braigléara – go Sasana. Ach níor éirigh leis áit dídine oiriúnach a aimsiú. Thriall sé ar Éirinn ansin. Go Contae Loch Garman. Bhí teach breá mór ag clann shaibhir Chaitliceach (muintir de Paor) in Eadarmhaoin cois abhann na Sláine, cúpla míle ar an taobh ó dheas d’Inis Córthaidh agus bhíodar sásta dídean a thabhairt dó na manaigh ón mBeilg. Chuir Dom Marmion fios ar an  manaigh agus chuadar chun cónaithe i dTeach Eadarmhaoin. D’fhan siad go ciúin socair ann go dtáinig deireadh leis an gCogadh. D’fhilleadar ansin ar Maresdous.

Ba léachtóir den scoth é Dom Marmion. I mblianta deireannacha a shaoil chuir sé trí leachar le chéile a bhí bunaithe cuid mhaith ar léachtaí léannta a thug sé dá mhicléinn. I bhFraincís a bhí na leabhair seo, ar ndóigh. D’fhoilsigh sé a chead leabhar Le Christ, Vie de l’Âme (Críost, Beatha an Anama) in 1918. An bhliain dár gceann foilsíodh Le Christ de ses Mystéres (Críost in A chuid Rundiamhra). I 1922 d’fhoilsigh sé a shaothar deireannach, Le Christ, Idéal du Moine (Críost, Idéal an Mhanaigh).

Bhí an-ráchairt ar an leabhair bhréatha seo agus aistríodh iad go Béarla agus ocht gcinn de theangacha eile. Is cosúil nár aistríodh go Gaeilge riamh iad agus is mór an trua é. D’éag Dom Columba Marmion ar an 30ú lá de Mheitheamh 1923 in aois a chúig bliana agus trí scór. Drochthaom niúmóiné ba thrúig bás dó. Cuireadh é i reilig na Mainistreach i Maresdous.

Ach níorbh é sin deireadh an scéil. Dachad bliain i ndiaidh a bhais dí-adhlacadh a chorp. Agus céard a chonacthas? Chonacthas nach raibh rian dá laghad de lobhadh ná de thruailliú ar an gcorp. Comhartha ceart cuí gur naomh a  bhí curtha san uaigh sin. Aistríodh an corp láithreach chuig Eaglais na Mainistreach, agus leagadh é i gceann de na fóshéipeíl.

Cuimhnítear ar Dom Columba Marmion – go háirithe i mBaile Átha Cliath agus i gceantar Eadarmhaoine cois abhann gheal na Sláine i gCo. Loch Garman, áit ar chaith sé ceithre bliana faoi bhláth. Agus tá sé sin léirithe go beacht ag muintir Loch Garman i mbeart a rinneadh cúig bliana agus fiche ó shin. Ar 24 Lúnasa 1975 d’oscail an t-iománái iomráiteach Nicky Rackard, beannacht Dé leis, droichead úrdheanta ar abhann na Sláine ag Eadarmhoin. Agus cén ainm atá ar an ndroichead sin? Céard eile ach Droichead Marmion.

 


Foilsíodh an t-alt seo don chéad uair i dTimire an Chroí Naofa, Geimhreadh 2000.

Tags: