Éilis Ní Thiarnaigh a scríobh.
FÁS (Foilseacháin Ábhair Spioradálta)
Teach Manresa SJ
Baile na gCorr
Cluain Tarbh
Baile Átha Cliath 3
An foilsiú diaga sa traidisiún
Cuid de na ceisteanna a ritheann linn nuair a chloisimid na focail ‘an Foilsiú Diaga’ ná: céard a chiallaíonn siad? Céard atá i gceist leo? Cén bhaint atá acu linn?
Teagasc is ea an foilsiú diaga atá bunaithe ar ár gcreideamh i nDia – gur Dia é atá gar dúinn, a dhéanann cúram dínn, ar mian leis é féin a léiriú dúinn agus a roinnt linn. Toisc gur ina chosúlacht féin a chruthaigh sé sinn tá an cumas ionainn bheith i ngaol pearsanta lenár nDia.
Ceisteanna eile a bhíonn againn ná: cén chaoi a dtaispeánann Dia é féin dúinn? Cén chaoi a gcuirimid aithne ar Dhia nach féidir linn a fheiceáil? Cén chaoi a mbuailimid leis, a n-eispéirímid é?. Is cinnte go ngabhann rúndiamhair le Dia, díreach de bhrí gurb é Cruthaitheoir na cruinne é agus Dia mór na glóire. Gabhann rúndiamhair freisin linn féin agus lenár ngaol le Dia. Casaimid ar Dhia tríd an urnaí, tríd an Scrioptúr, agus trínár n-eispéiris daonna, idir ghnách agus neamhghnách. Mar bíonn Dia dár dtionlacan trí chúrsaí laethúla ár saoil. Uaireanta ní fheicimid ach na heachtraí seachtracha a tharlaíonn dúinn nó a mbímid páirteach iontu, Ní thugaimid faoi deara a bhfuil ar siúl go hinmheánach ionainn, ná an doimhin-mhíniú a bhíonn folaithe faoi dhromchla gnáth-tharluithe.
Is trí shúile an chreidimh a thuigimid go bhfuil Dia inár bhfochair agus go dtugann sé tacaíocht dúinn nuair a bhíonn an saol ag brú orainn: “An té a bhfuil creideamh aige fíonn buaireamh an tsaoil níos crua do Dhia é”. Dá bheogacht ár gcreideamh is ea is mó is féidir linn sinn féin a oscailt i leith Dé, aithne a chur air, agus fás i dtuiscint go mbíonn sé inár bhfochair i dtráth agus in antráth.
Tá an dá rud seo, foilsiú Dé chugainn agus ár gcreideamh gníomhach i nDia agus ina láithreacht linn, fite fuaite ina chéile. Don Chríostaí is é croílár an fhoilsithe dhiaga ná gur “ghráigh Dia an domhan chomh mór sin gur thug sé a aonghin Mic uaidh i dtreo, gach duine a chreideann ann, nach gcaillfí é ach go mbeadh an bheatha shíoraí aige.”
(a) Eispéireas Iosrael
Aithne ar Dhia
Chreid na Giúdaigh le linn ré an tSeanTiomna gur thogh Dia ar bhealach faoi leith iad. B’ é a bhfreagra ar thionscnamh seo Dé ná a cheannasacht a aithint agus a thoil a chomhlíonadh. B’ionann seo acu agus aithne a chur ar Dhia, bheith i ngaol leis. Ar an lámh eile b’ionann mí-dhílseacht agus gan aithne a bheith acu air. Is cosúil go raibh tuiscint acu go bhféadfadh a mí-ghníomhartha féin nó a n-easpa creidimh agus muiníne i nDia teacht idir iad agus a gCruthaitheoir.
Ní bhíonn Dia na glóire ag brath ar am ná ar áit. Maireann an duine, ámh, ag am agus in áit faoi leith. Chreid na Giúdaigh go dtáinig Dia chucu mar a raibh siad, is é sin, i ngnáthchúinsí a mbeatha. Thug seo míniú agus luach dá mbeatha ar an saol seo.
Gníomhú Dé agus a Gheallúint
Séard atá sa Sean-Tiomna ná scéal ghníomhartha Dé mar a tuigeadh do na Giúdaigh iad.
Trína ghníomhartha ar a son a léirigh Dia é féin dóibh. Trí mhachnamh ar ghníomhú Dé ina leith agus trína n-iarrachtaí ar chomhoibriú leis chuir na Giúdaigh aithne ar Dhia. Bhreathnaigh siad air go háirithe mar a Slánaitheoir, an té a shaor ón daoirse iad agus a sheol isteach chuig an Talamh Naofa iad. D’fhéadfadh siad brath go hiomlán air, mar sin. B’eol dóibh go seasfadh sé lena gheallúint dóibh: “Beidh sibh in bhur bpobal agam agus beidh mise i mo Dhia agaibh.”
Chabhraigh na fáithe leis na daoine tuiscint a fháil ar na himeachtaí ina stair trína raibh Dia á fhoilsiú féin dóibh. Mhachnaigh na fáithe ar a n-eispéireas féin agus eispéireas na ndaoine faoi ghné a nglaoite ag Dia. Ansin mhínigh siad dóibh an chiall a bhí leis na heachtraí a tharla sa chaoi agus go dtuigfeadh siad go raibh Dia ag gníomhú trí gach rud a tharla agus ag iarraidh orthu bheith dílis dó ina ngníomhartha féin. Ba thábhachtach do na Giúdaigh idir ghníomhartha Dé agus an t-idirmhíniú orthu a thug na fáithe dóibh le go gcothófaí a ngaol le Dia. D’fhéadfadh na himeachtaí a mbíodh na fáithe ag trácht orthu bheith san aimsir chaite nó láithreach nó fós le teacht. Ar an gcaoi sin d’fhoghlaim na daoine go raibh gach tráth, gach tarlú, i lámha Dé.
Cúnant
B’ionann briathar Dé sa Sean-Tiomna agus Dia a bheith á roinnt féin lena mhuintir agus ag tabhairt cuireadh dóibh iad féin a thoirbhirt dósan. B’iad an tEaxodus agus an Cúnant na príomhtharluithe i stair na nGiúdach inar thuig siad go raibh Dia á fhoilsiú féin dóibh. B’é cúnant Dé le hÁbraham, inar gheall sé talamh agus sliocht líonmhar dó, tús stair na nGiúdach, tús a ngaoil phearsanta le Dia. An Dia a rinne an cúnant leo agus a d’éiligh dílseacht orthu b’é sin an Dia céanna a shaor ón Éigipt iad. Thuig na daoine cé chomh mór de chomaoin a bhí curtha ag a nDia orthu agus d’aontaigh siad le lántoil a ndílseacht croí a thabhairt dó, fónamh dó agus bheith umhal dá ghuth. B’é an cúnant seo idir Dia agus a mhuintir an nasc a cheangail na Giúdaigh le chéile agus a rinne pobal díobh. D’athnuaigh Dia a chúnant le sliocht Ábraham, agus go háirithe trí Mhaois, tar éis dó an pobal a shaoradh óna sclábhaíocht san Éigipt. Ba le Dia an tionscnamh ar gach ócáid agus d’fhan sé dílis dá gheallúint, fiú nuair a bhris na Giúdaigh a ngeallúintísean.
Níos faide anonn ghabh tábhacht speisialta le cúnant Dé le Dáiví. Cúnant le clann faoi leith a bhí i gceist a dtiocfadh beannachtaí Ríocht Dé chuig an bpobal uile tríd.
Nuair a fhéachaimid ar an Sean-Tiomna ina iomláine séard atá i gceist go príomha ná stair phobal Iosrael mar a tuigeadh sin trí idirmhínithe na bhfáithe. Stair é a tuigeadh a bheith ag gluaiseacht i dtreo buaice nuair a dhéanfadh Dia cúnant nua síoraí leis an bpobal. Tharlódh seo nuair a thiocfadh chucu an té a bhí geallta ag Yaweh dóibh – an Meisias.
(b) An Nua-Thiomna
Críost, Iomláine Fhoilsiú Dé
Chomhlíon Dia a mhórgheallúint do na Giúdaigh i bhfad thar mar a bhí súil acu leis nuair a chuir sé uaidh a Mhac ionúin chun cónaí ina measc. Nuair a rinne duine den Dara Pearsa den Tríonóid bheannaithe roinn Dia é féin go hiomlán lena phobal, agus sin ar an mbealach ab éasca a thuiscint, mar bhall den chine daonna. Meabhraíonn an Litir chuig na hEabhraigh dúinn gur fhoilsigh Dia é féin go hiomlán trína Mhac: “Labhair Dia go minic agus ar shlite éagsúla anallód leis na haithreacha trí bhithin na bhfáithe; ach sna laethanta deireannacha seo labhair sé linn trína Mhac, an té a cheap sé ina oidhre ar an uile ní agus ar tríd a rinne sé a bhfuil ann”.
Ghabh an-tábhacht, dá bhrí sin, le gach rud i saol Chríost – a ndúirt sé, a ndearna sé, a phearsa, a bheatha uilig, a bhás agus a aiséirí. Bhí an Dia do-fheicthe á léiriú aige trí gach gné dá bheatha daonna.
B’é teacht Chríost ar talamh buaic fhoilsiú Dé, comhlíonadh gach geallúint dá ndearna Dia i ré an tSean-Tiomna. Níorbh ionann teacht Chríost, mar sin, agus teacht duine eile de na fáithe a thabharfadh teachtaireacht ó Dhia leis. B’é Críost féin an foilsiú, is é sin le rá gurbh ionann an teachtaire agus an teachtaireacht. Briathra a bhéil, an chaoi ar labhair sé, na gníomhartha cumhachta agus cineáltais a rinne sé i rith a shaoil, ba léiriú iad uilig ar ghrá agus ar thrócaire Dé. Ghabh rúndiamhair lena phearsa ag an am céanna: ní amhlaidh a thuig gach duine a chuala ag caint é nó a chonaic a ghníomhartha cérbh é. Níor léir láithreach dá lán go raibh solas an tsaoil tagtha ina measc.
An tAiséirí
Is é Aiséirí Chríost ó mhairbh an tarlú i saol an Tiarna a léiríonn foilsiú Dé par excellence. Is é buaic agus iomláine an fhoilsithe é. Trína thógáil ó mhairbh chuir an tAthair a shéala ar bheatha Chríost agus ar a bhás, is é sin, ar obair a Shlánaithe ar son an chine dhaonna.
Maidir leis na haspail agus le deisceabail Chríost, chaith an tAiséirí léas solais ar a ghníomhartha, ar a bhriathra agus ar a bheatha ar fad. As a machnamh air d’fhás tuiscint iontu ar a dTiarna agus ar shaothar an tSlánaithe. Cheangail Pól go háirithe an tAiséirí agus an Slánú go dlúth le chéile. Ina litir chuig na Rómhánaigh dúirt sé: “Áireofar inár bhfíréin sinn de bhrí go gcreidimid sa té úd a thóg ó mhairbh Íosa Críost, ár dTiarna, a tugadh suas mar gheall ar ár gcionta agus a tógadh ó mhairbh i gcomhair ár bhfíréanaithe.” Sa litir chéanna dúirt sé arís: “Má admhaíonn tú ó do bhéal gurb é Íosa an Tiarna agus má chreideann tú ó do chroí gur thóg Dia ó mhairbh é, slánófar thú.”
Taispeánann na focail seo chomh lárnach, bunúsach a bhí an tAiséirí i dteagasc Phóil faoi Chríost agus ina thuiscint do Chríost mar rí-fhoilsiú Dé.
Críost, an Foilsiú Deiridh
I dtús na litre chuig na hEabhraigh cloisimid gurbh “iomaí sin uair agus slí a labhair Dia fadó lenár sinsir trí bhéal na bhfáithe, ach sna laethanta deireannacha seo (gur) labhair sé linne trína Mhac.”
Ba é an Mac seo a oidhre ar an uile ní agus ba tríd a chruthaigh sé an chruinne. Más trína Mhac a bhí Dia á chur féin in iúl ba chur in iúl iomlán, foirfe é, ionas go raibh, mar adéarfá, gach a raibh le rá aige ráite agus nár ghá dó níos mó a rá. Sa Bhriathar a ghlac colainn dhaonna bhunaigh Dia an cúnant nua, síoraí a raibh súil na bhfáithe le fada leis. Ag deireadh na n-aoiseanna a rabhthas ag fanacht leis, tháinig sé chun an peaca a chur ar neamhní trí é féin a íobairt ar son an phobail. Níor chosúil é leis na hardsagairt sa Teampall a mbíodh orthu íobairtí a ofráil arís agus arís eile. De bhrí gurbh é an Mac é is den aon uair amháin a rinne sé íobairt. Bhí obair ár Slánaithe, a d’fhág an tAthair mar chúram air tugtha chun críche aige. Bhí an Nua-Chonradh sínithe agus ní rachadh sé choíche ar ceal. Mar sin, níl súil le haon fhoilsiú nua poiblí eile go dtí taispeánadh glórmhar ár dTiarna.
Ag an am céanna ní eachtra san aimsir chaite amháin gníomhú shlánú Chríost agus a Aiséirí. Gabhann gné láithreach leis mar go gcuireann sé tús le beatha nua trína leanann Críost á ofráil féin ar ár son agus ag léiriú an Athar dúinn. Bíonn sé ag léiriú an Athar dúinn mar a mbímid trínár mbeatha laethúil ionas gur féidir lena shlánú dul i bhfeidhm ionainn istigh. Fágann seo nach bhfuil aon bhuntáiste acu siúd a chonaic Críost le linn a bheatha dhaonna orainne a mhaireann anois. Tá Críost beo i gcónaí i nglóir a Aiséirí agus ag feidhmiú tríd an Spiorad san Eaglais agus sa saol ar fad. De bhrí nach féidir linn é a fheiceáil lenár súile cinn, ámh, ní bhíonn againn ach meath-thuiscint ar shaothar leanúnach an Tiarna ar ár son. Ach ar deireadh thiar, nuair a nochtfaidh an Tiarna Íosa ó neamh chugainn beidh tuiscint ghlé againn ar a bhfuil déanta ag Dia dúinn trína Mhac agus beidh aithne cheart ar Dhia féin againn.
An Chincís Leanúnach
An t-eispéireas a bhí ag na haspail agus na deisceabail ar bheith i bhfochair Chríost is bun le saol na hEaglaise. Ní hé amháin gur fhoghlaim siad a raibh á theagasc aige; tháinig siad i dtaithí freisin ar a mheon, ar a dhearcadh agus ar a phearsa. Ag machnamh dóibh faoi threoir an Spioraid ar bheatha, ar shaothar agus ar phearsa an Tiarna d’fhás a dtuiscint air ionas gurbh fhearr a thug siad leo míniú a theagaisc agus ar tharla dó le linn a bheatha. De réir a chéile d’fhás an tuiscint a bhí acu dó mar an Meisias ina thuiscint ar a dhiacht. Ní hé gur chreideamh nua an fhorbairt tuisceana seo ach doimhniú tuisceana ar an méid a chreid siad cheana féin.
Chuir an Spiorad ar a gcumas fianaise a thabhairt ar a gcuala agus a bhfaca siad agus idirmhíniú a thabhairt do dhaoine ar bhriathra agus ar ghníomhartha an Tiarna. Bhlais an comhluadar Críostaí sa ré aspalda d’eispéireas a gceannairí ar Chríost. Is é an t-eispéireas céanna seo a bíonn á bhlaiseadh freisin trí neart an Spioraid ag an gcomhluadar Críostaí i ngach aois. Mar níor do na haspail amháin an t-eispéireas a bhí acu, ach le roinnt ar an gcomhluadar. Tá an Críost glórmhar i láthair lena phobal i ngach aois agus anois féin mar a bhí i measc na ndaoine agus é ar an saol seo.
Rud poiblí an foilsiú sa mhéid gur chuig an gcomhluadar é. Rud idirmheánach é chomh maith mar go dtagann an foilsiú poiblí chugainn trí mheán na n-aspal, na Scrioptúr agus na hEaglaise. Thairis sin gabhann gné phearsanta leis de bhrí go nglacann gach Críostaí, gach ball den chomhluadar Críostaí, páirt sa bhfoilsiú trí ionáitriú an Spioraid Naoimh ann, á ghlaoch agus á tharraingt chun creidimh, chun aithne agus chun aontais le Dia.
An Kerygma: Fógairt an tSoiscéil
Bhí an soiscéal – dea-scéal ár slánaithe in Íosa Críost agus a impleachtaí – á fhógairt ag an Eaglais glúin iomlán sular scríobhadh na soiscéil agus ar a laghad cúig bliana déag sular scríobh Pól a chéad litir. Gí gur i bhfad in dhiaidh tráth a dtugtha a scríobhadh óráidí Pheadair agus nach féidir linn, dá bhrí sin, bheith cinnte go bhfuil a fhocail féin go beacht againn, glacann an Eaglais leis go dtugann na tuairiscí orthu atá i nGníomhartha na nAspal tuairim mhaith dúinn ar ar dhúirt sé. Caitheann sleachta as litreacha Phóil solas chomh maith ar chuid de na gnéithe sa soiscéal ar leag seisean béim orthu.
Ba é croí a dteachtaireachta ná
– go raibh geallúintí Dé sa Sean-Tiomna comhlíonta agus aois nua tagtha i gCríost.
– gur chomhartha iad eachtraí shaol phoiblí Íosa – a bhaisteadh, a mhinistreacht, a mhiorúiltí, a mhór-ghníomhartha – go raibh Dia leis.
– gur trína bhás, a Aiséirí, agus a ghlóiriú agus teacht an Spioraid a bhí maithiúnas peacaí le fáil ach aithrí a dhéanamh, creidiúint i gCríost agus baisteadh a ghlacadh.
Luigh Pól freisin ar thábhacht na hEocairiste i saol na gCríostaithe, ar dhara teacht an Tiarna, a chreid sé a bheadh ann gan mhoill, agus ar iontas an Ionchollaithe.
Braithimid an Kerygma á fhí mar shnáth tríd an Nua-Thiomna go hiomlán, á shníomh le chéile ina aontacht. Ní creideamh i dteachtaireacht amháin a d’éiligh sé ar dhaoine, ach creideamh i bPearsa Íosa Críost agus i nDia á thógáil ó mhairbh.
Scríobh agus Seachadadh na Soiscéal
De réir a chéile cuireadh cuntais éagsúla ar shaol agus ar shaothar Chríost le chéile, maille le litreacha ó Phól agus ó cheannairí eaglasta eile agus cuntas ar luathstair na hEaglaise. Is é seo an corpus ar a dtugtar an Nua-Thiomna. Doiciméid creidimh is ea na cuntais seo uilig, a fhógraíonn creideamh na gCríostaithe sa chéad aois den ré Críostaí. Chomh maith le heolas ar Chríost a thabhairt tugann siad freisin cuid mhaith eolais ar chúinsí shaol na gCríostaithe féin ag an am, ar a gcreideamh agus ar a gcleachtadh agus ar roinnt de na deacrachtaí a bhí acu.
Bhí a mbealaí féin ag gach scríbhneoir agus go minic bhí cúlra áirithe i gceist a raibh a aird air, nó fadhbanna faoi leith ag an gcomhluadar a raibh sé ag dul i ngleic leo. Tríd an Nua-Thiomna ar fad, ámh, is é Críost atá lárnach, an té arbh é foilsiú iomlán Dé é. Luíonn Soiscéil Mharcais, Mhatha agus Lúcáis ar Íosa mar Mheisias agus mar Mháistir, ar a chumhacht mar mhúinteoir, agus ar a mhórghníomhartha, a léirigh go raibh Ríocht Dé tagtha ar an saol. Luíonn Soiscéal Eoin ar Chríost mar Bhriathar Dé, Mac ionúin an Athar, a ndearna duine de ar mhaithe linne. Rúndiamhair ghrá Dé a léiriú ar bhealaí éagsúla a bhí á dhéanamh ag Pól agus é ag meabhrú dea-scéal an tslánaithe trí pháis agus trí aiséirí Chríost. Taispeánann Gníomhartha na nAspal dúinn cuid de na bealaí inar thug na luathChríostaithe fianaise ar a gcreideamh i gCríost. Modhanna éagsúla iad seo go léir le labhairt ar fhoilsiú Dé, le míniú a thabhairt ar thábhacht agus lárnacht Chríost.
Ba í an Eaglais féin an comhthéacs inar scríobhadh agus inar seachadadh an Nua-Thiomna. Chreid a ceannairí gur faoi luí an Spioraid a scríobhadh é agus mar sin ghlac sé áit faoi leith ina saol riamh ó shin i gcaomhnadh agus i seachadadh dhea-scéal an tslánaithe i gCríost.
(c) An Eaglais
Ról Chríost mar Shlánaitheoir agus mar fhoilsiú críochnaitheach Dé eithne shaol na hEaglaise. Rinne sí é a cheiliúrdh sa liotúirge agus a chraobhscaoileadh ó ghníomh, ó bhéal agus ó scríbhinn.
Nuair a ghluais an Eaglais amach ó chultúr na nGiúdach isteach sa saol Gréagach-Rómhánach b’éigean dá smaointeoirí idirmhíniú a dhéanamh ar an gcreideamh i dtéarmaí a thuigfeadh daoine a tógadh le fealsúnacht na Gréige seachas iad siúd arbh é an traidisiún Giúdach a gcúlra. Chuir roinnt de cheannairí na hEaglaise béim freisin ar thábhacht struchtúr i gcaomhnú na fírinne Críostaí agus i gcaomhnú aontacht agus síocháin i measc an phobail Chríostaí. Chuir seo le tábhacht na n-easpag, comharbaí na n-aspal, agus de réir a chéile le tábhacht faoi leith easpag na Róimhe, comharba Pheadair.
Bhí áit an réasúin dhaonna i gcur aithne ar Dhia agus an gaol idir réasún agus creideamh i measc na gceisteanna a bhíodh á bplé ag na diagairí. Gí go raibh corrdhuine acu nach raibh mórán meas aige ar an réasún mar fhoinse eolais ar Dhia, chreid a bhformhór gur chabhair do thuiscint ar an gcreideamh é agus gurbh fhearrde an creideamh an tuiscint. Ba é a dtuairim freisin go bhféadfadh duine méid áirithe eolais a fháil ar Dhia tríd an réasún. Chreid siad ag an am céanna go raibh foilsiú Dé agus cabhair a ghrásta ag teastáil chun aithne cheart a chur air.
Ba chúram leis na diagairí agus le ceannairí na hEaglaise an creideamh fíor a chosaint ar theoiricí a tuigeadh dóibh a bheith contrártha leis an teagasc a bhí tagtha anuas ó na haspail – an Gnóisíochas, go háirithe, a mhaígh gurbh ó eolas rúnda a bhí ag a lucht leanúna féin an slánú agus a chaith dímheas ar an ábhar agus ar an gcorp. Leag na diagairí béim, mar sin, ar an ngá a bhí le treoir ón Eaglais i ndéanamh idirmhíniú ar an Scrioptúr agus ar an gceartchreideamheacht mar a cuireadh sin in iúl sa Chré. Tionóladh comhairlí ó am go chéile le soiléiriú a dhéanamh ar phríomhtheagaisc na hEaglaise. Tharla seo go léir ar mhaithe le hoidhreacht luachmhar na hEaglaise – an traidisiún, mar a tugadh air – a chaomhnú slán agus a sheachadadh go dílis.
Leanadh i rith na meánaoise den staidéar ar an ngaol idir an réasún agus an foilsiú diaga, go háirithe faoi ghné fhealsúnacht Arastatail, a raibh eolas air tagtha chun na hEorpa san am. D’fhás claonadh de réir a chéile chun breathnú ar an bhfoilsiú mar bhailiúchán teagaisc a thug freagraí ar cheisteanna tábhachtacha faoi Dhia, faoin duine, agus faoin ngaol a bhí idir an Cruthaitheoir agus an chruthaíocht nach raibh teacht orthu le cabhair an réasúin agus na fealsúnachta amháin. Bhí an bailiúchán teagaisc seo, a tháinig anuas ó na fáithe agus na haspail, le fáil sa Bhíobla. B’ag an Eaglais a bhí an t-údarás idirmhíniú a dhéanamh ar an mBíobla. Thug an tuairim seo le tuiscint gurbh é a bhí sa chreideamh, dá bhrí sin, toiliú na hintinne le teagasc na hEaglaise de bhrí go raibh údarás Dé mar thaca aige. Ba ghné amháin den chreideamh é seo, ar ndóigh. Ach sa mhéid gur cuireadh béim aontaobhach air bhain sé ó phríomhghné an chreidimh Chríostaí – gaol pearsanta le Críost, ár Slánaitheoir, mar a chastar orainn é trína Eaglais. Ní féidir, ach oiread, creideamh a scaradh ó dhóchas i gCríost ná ó ghrá dó. Ná ní hé údarás Dé amháin is bun le creideamh ann, ach a ghrá agus a mhaitheas agus a dhílseacht. Na teagaisc a gcreideann Críostaithe iontu, na nithe atá ar eolas acu faoi Dhia, is meáin iad trína gcuireann siad aithne ar a nDia agus a Slánaitheoir.