Sé intinn choitianta an Phápa do Mhí Mheithimh 2008 ná: Go raibh cairdeas domhain pearsanta ag Críostaithe le Críost ionas go mbeidh ar a gcumas neart a ghrá a thaispeáint do chách lena mbuaileann siad. Léiríonn Leon Ó Giolláin.
Bhíomar ar ár mbealach go Lourdes, ar oilithreacht siúil go Loyola, sa Spáinn. Dáréag aspal agus mé féin, an séiplíneach, in aerfort Biarritz. Bheartaíomar ar dhul go dtí an trá le haghaidh snámh mar bhí uair a chloig nó dhó le spáráil againn roimh imeacht na traenach. Gan choinne, dhruid fear óg anaithnid agus a chailín i mo leith agus d’iarr orm an bhféadfadh siad teacht linn go dtí an trá. Is cosúil gur chuala siad ag caint muid agus gur thuig siad cad a bhí ar bun againn. ‘Fáilte romhaibh’, a dúirt mé, agus ar aghaidh linn le chéile ar an mbus.
Bhí an trá go hiontach ar fad! Tonnta móra ag bagairt a gcinn thar cheann a chéile agus na sluaite, idir óg agus aosta, ag iomrascáil leo ar nós dornálaí Súmo ag iarraidh an fód a sheasamh in aghaidh a chéile chomhraic. In aisce! Bhí neart an nádúir ró-láidir, agus buaileadh siar an slua gach aon uair. Bhí fonn mór orm féin dul i ngleic leis an bhfathach agus ar aghaidh liom go gasta go himeall an trá. Rith mo strainséir óg im’ dhiaidh agus isteach linn le chéile san fharraige. ‘An féidir liom ceist a chur ort, a Athair’, a dúirt sé liom sa sámhnas idir dhá thonn! ‘Cinnte’, arsa mise, ‘Cad ba mhaith leat a fhiafraí díom?’ ‘Is annamh a bhíonn deis agam labhairt le sagart’, a dúirt sé, ‘agus nuair a thuig mé gur shagart thú, bhí fonn orm labhairt leat. Sin é an fáth gur tháinig mé libh go dtí an trá. Cé gur tógadh mar Chaitliceach mé, nílim ag cleachtadh le cúpla bliain anuas, ach mothaím go bhfuil rud éigin in easnamh orm. Tá
suim agam i Yóga agus táim dílis don chleachtadh sin, ach fós féin, mothaím cumha éigin i ndiaidh an traidisiúin inar tógadh mé. Meas tú an féidir an Chríostaíocht agus Yóga a chleachtadh i dteannta a chéile?’
Chorraigh misneach agus macántacht an fhir óig go mór mé. Thuig mé nach raibh sé suaimhneasach ina choinsias, go raibh sé míshocair ann féin i ngan fhios dó go baileach cén fáth. Tháinig chun cuimhne dom láithreach an fear óg sa Soiscéal a tháinig chuig Íosa lena cheist féin: ‘A Mháistir mhaith, cad tá le déanamh agam chun go mbeinn páirteach sa bheatha shíoraí?’ Deirtear sa Soiscéal gur dhearc Íosa air agus thug grá dó roimh aon chomhairle a thabhairt. Bhí an Críost céanna ag dearcadh ar an bhfear óg seo anois le grá thar chuimse ina chroí dó.
‘Seo mé i mo sheasamh ag an doras, agus ag bualadh air’ – ba bheag nár chuala mé Íosa ag caint. ‘Má chloiseann aon duine mo ghuth agus an doras a oscailt dom, tiocfaidh mé isteach chuige agus beidh bia agam fairis agus aigesean faramsa.’ Bhraith mé ar nós duine a bhí ag féachaint ar scannán, agus fonn mór orm a chur in iúl don phríomhaisteoir go raibh duine éigin ag cnagadh ar an doras go práinneach, agus gach rud ag brath ar an nóiméad géibheannach sin, ach faraor, nár chuala sé é! Ach sa chás seo, bhí mise taobh istigh den dráma agus Íosa freisin, cé go raibh sé i bhfolach. Lean mé leis an gcomhrá.
‘Ní dóigh liom go bhfuil aon chontrárthacht inmheánach idir chleachtaí áirithe Yóga agus an Chríostaíocht’, arsa mise á fhreagairt, ‘ach amháin bí cúramach faoin bhfírinne iomlán nó an fhealsúnacht atá á dearbhú taobh thiar de Yóga agus cleachtaí eile dá shórt. Ach caithfidh mé a admháil go bhfuil níos mó eolais agam ar an gCríostaíocht ná ar Yóga. Cad é do thuairim féin?
Cad is Críostaí ann, meas tú?’, arsa mise leis, ag iarraidh é a tharraingt isteach sa chomhrá agus ‘seanmóireacht’ a sheachaint. ‘Duine a leanann Críost’, ar sé. ‘Ceart agat. Lean tusa mise’, arsa mise leis, ‘mar bhí tuiscint éigin á lorg agat. Séard atá sa Chríostaí ná duine a thuigeann go bhfuil tuiscint iomlán ar cheisteanna móra an duine le fáil in Íosa Críost. Sin é an fáth go leanann siad é,
nach ea?’ Níor fhreagair sé mé, ach ba léir go raibh sé ag smaoineamh.
‘Go bhfóire Dia orainn!’ arsa mise. ‘Tonn mhór mhillteach ag druidim inár dtreo! Tumadh mór isteach sa duibheagán! Feicfidh mé thú ar ball!’ Ghabh mé buíochas le Dia don deis mhachnaimh a bhronn sé orm!
Nuair a thángamar chun solais arís, bhí fuinneamh nua ionam agus rinne mé oiread de dhánacht air agus an moladh seo a dhéanamh: ‘Ar mhaith leat cleachtadh beag spioradálta a dhéanamh?’ arsa mise leis, ag iarraidh an ‘teannas drámatúil’ a chothú!
‘Cad tá i gceist agat?, ar sé go haireach.
‘Samhlaigh go bhfuil Íosa ag seasamh os do chomhair amach anois, ag cur na ceiste seo – ceist lárnach dár liom: Cé a deir tusa gur
mise? Chuir Íosa an cheist sin ar na daoine a bhí an-chóngarach do – na haspail – mar bhí go leor daoine á thréigean ag an am, go mór mhór de bharr a theagaisc faoin Eocairist. Ba é Peadar, cinnire agus ceannródaí na ndeisceabal, a thuig cé a bhí ag cur
na ceiste: ‘Is tú an Críost, Mac Dé bheo’ a dúirt sé. Freagra domhain croíúil atá sna focail seo. Chomh maith le tuiscint intinne, léiríonn siad croí lán d’urraim agus grá. Sin é atá i gceist leis an gCríostaíocht – leis an gCríostaí – go bunúsach, im’ thuairimse:
comaoin dhomhain phearsanta chroíúil le hÍosa Críost. Cad a cheapann tú féin? An aontaíonn tú liom’.
‘An bhfuil comaoin den sórt sin agatsa le Críost?’ ar seisean liom, ‘agus conas is féidir teacht air’. ‘Tá’, arsa mise, ‘agus is saibhreas an-mhór é i mo shaol féin, caithfidh mé a rá. Conas teacht air? Má thograíonn tú é, tá sé agat cheana féin, nó ar a laghad tá tú an-ghar do. Measaim go bhfuil an tarraingt sin faoi bhun do chuid ceisteanna agus ad’ ghríosadh. Bíodh misneach agat! Ní fada thú ó ríocht Dé’.
Ní raibh am againn leanúint níos mó lenár gcomhrá, ach níor chuir sé sin as dom ar chor ar bith, ná ar mo chara ach an oiread. Is léir go raibh céim mhór tógtha aige ar a hoilithreach inmheánach féin, agus ó mo thaobhsa, bhí mé sásta ‘ligean don Chruthaitheoir déileáil go díreach lena chréatúr’ (Naomh Iognáid Loyola), mar níl amhras ar bith orm ach go bhfuil an Spiorad Naomh ag cogarnaíl go ciúin i gcroíthe na n-óg i gcónaí agus iad á dtarraingt, céim ar chéim, i dtreo na Fírinne, Íosa Críost, Mac Dé bheo.
D’fhág mé Biarritz, agus mo chara, ag moladh Dé!