About
Shop
Contact Us

Aontacht san éagsúlacht

30 November, 1999

Is ministir Preispitéireach í an tOirmhinneach Ruth Patterson, atá ina stiúrthóir ar Restoration Ministries i mBéal Feirste. Nochtann sí anseo roinnt gnéithe tábhachtacha gur cheart smaoineamh orthu agus pobal ag saothrú chun an aontacht a lorg san éagsúlacht.’

Oibrím le Restoration Ministries, eagras neamh-shainchreidmheach atá lonnaithe i mBéal Feirste ach atá ar oscailt d’oileán na hÉireann agus lasmuigh de. Ónár gceanncheathrú ag Restoration House, trí mhinistreacht athmhuintearais, íce, fáilteachais agus urnaithe, cuirimid áit shábháilte ar fáil ina bhfuil daoine in ann a scéal a insint agus ina gcloistear iad, áit inar féidir leo fís a fhorbairt agus ina mbraitheann siad fáilte agus grá. Trí líonrú (networking) timpeall an domhain, agus in Éirinn go háirithe, déanann Restoration Ministries iarracht, faoi threoir an Spioraid Naoimh, bheith ina íomhá den aontacht san éagsúlacht, bheith ina inspioráid agus ina chabhair ministreacht an athmhuintearais a fhorbairt.

Dúirt Josiah Royce tráth: ‘I believe in the beloved community and in the spirit which makes it beloved and in the communion of all who are in will and in deed its members. I see no such community as yet. Nonetheless, my role is “act so as to hasten its coming”’. Iad siúd a chreideann in Íosa Críost, is cuma cén sainchreideamh lena mbaineann siad, níl deacracht acu pobal geanúil na Tríonóide a dhearbhú, ach nuair a bhíonn orthu an dearbhú sin a ionchollú ina ngaol lena chéile, bíonn a lán deacrachtaí agus fadhbanna. Eascraíonn siad siúd as an gcreideamh lochtach go gciallaíonn aontacht ionannas; agus mar gheall ar an seasamh cosantach tagann na daoine sin chun cinn a cheapann gur acu sin amháin atá an fhírinne. Má tá an fhírinne níos iomláine ná aon chreideamh amháin nó aon teagasc nó dogma, má tá sé lonnaithe i bpearsa Chríost féin, ní féidir le haon sainchreideamh amháin nó duine amháin seilbh iomlán a ghlacadh air.

Gach lá ag am nóin in Restoration House, áit ina bhfuil mé i mo chónaí agus a bhfuil mé ag obair ann, stopaimid pé obair atá idir lámha againn agus tagaimid le chéile timpeall an bhoird cistine. Is as traidisiúin éagsúla muid agus tógaimid linn saibhreas bealaí éagsúla cleachtais chrábhaidh. Lasaimid coinneal agus guímid ar son na síochána in Éirinn agus ar fud an domhain, agus ar son an uafáis sin daoine a iarrann orainn guí orthu. Díreach tar éis an choinneal a lasadh agus roimh ghuí, cuirimid fáilte roimh Íosa isteach sa chiorcal. B’fhéidir go gceapfá nach gá é seo, go bhfuil fáilte roimhe gan aon agó. Ní bheimis fiú ag teacht le chéile timpeall an bhoird mura raibh sé i láthair. Tá sé seo fíor ar leibhéal amháin. Níl deacracht dá laghad againn fáiltiú roimh an Íosa a bhfuil aithne againn air, an t-Íosa a ghráimid le paisean agus tuiscint, leis an fhuinneamh atá istigh ionainn. Ach cad a dhéanaimid leis an Íosa nach bhfuil ar aithne againn, an Íosa atá ina strainséir fós againn?

Ní féidir linn a rá go bhfuil aithne iomlán againn ar aon duine daonna. Má deirimid a leithéid, táimid ag baint óna dhaonnacht. Táimid ag fógairt nach bhfuil aon rud fágtha chun fháil amach faoi nó fúithi, nach bhfuil aon mhistéir phríobháideach ann a thuilleadh: níl faic fágtha de le nochtadh. Má tá a leithéid fíor maidir leis an duine daonna, nach bhfuil sé i bhfad níos fíre faoi Íosa. Má cheapaimid go bhfuil gach ar eolas againn faoi, seans nach bhfuilimid ach ag tosú amach ar an turas; turas chuig fhorbairt an ghaoil ghrámhair a deirimid atá lárnach dár saol agus a bhfuilimid sásta gach íobairt a dhéanamh ar a son. Pé áit ina bhfuilimid ar an mbealach, bíonn níos mó le haimsiú againn faoi Íosa i gcónaí. Cuid den mhistéir, b’fhéidir an chuid is mó, ná an strainséir. Ní nochtann Íosa gach rud dúinn i dteagmháil amháin leis nó i mbeatha de theagmhálacha. Cinnte, tuigimid agus creidimid gurb é an grá a nádúr príomha, ach is grá é a bhfuil ‘fad agus leithead agus airde agus doimhneas’ gan chuimse ann (ach atá fós an-phearsanta) nach féidir linn greim iomlán a fháil air fiú le hiomlán ár gcuid tuisceana, paisin, grá agus fuinnimh. Ach stiúraíonn an grá sinn go háiteanna nach bhfuil ar eolas againn, chuig bealaí nua chun breathnú ar an saol, chuig léargas míchompordach; agus an seans fiú go gcaillfimid rudaí agus daoine atá gar dár gcroí.

Tá an ceacht sin á fhoghlaim againn go minic in Restoration House. Cuireann an dúshlán isteach ar ár síocháin agus ar ár gcompord, agus seolann sé sinn chuig áit nach maith linn taisteal chuici. Ach is é sin díreach a ‘neartódh ár dtiomantas don lán-aontacht fheiceálach ionas go mbeidh sí {an Eaglais} ina pobal grá’. Bhíomar breá sásta fáiltiú roim Íosa isteach inár saol agus inár eaglaisí, agus aire a thabhairt don Íosa sin atá ar aithne againn. Ach cad a dhéanaimid leis an strainséir, an t-Íosa nach bhfuil ar aithne againn go fóill, an duine atá goilliúnach agus íseal nuair a cheapaimid gur cheart dó a neart agus a údarás a thaispeáint. An duine atá ina thost nuair a mheasaimid gur ceart dó bheith ag béiceach ó dhíonta tí. An duine sin, nuair a dhéanaimid d’iarracht é a mhunlú inár n-íomha agus inár gcosúlacht féin (iarracht nach bhfuil ann ach cinéal íol-adhartha ), a chuireann alltacht orainn arís agus arís eile lena éagsúlacht. An bhfuil dúil dairíre againn sa taisce seo? Muidne Corp Chríost ar ceart dó bheith in ann an scéal a insint go foirfe, agus a dearbhaíonn go bhfuil an t-eolas ó bhunfhoinse againn, bhíomar easnamhach inár bhfianaise, agus neamhairdeallach maidir le bheith mar chuid den fhreagra d’urnaí Chríost ‘go mbeimis mar aon’ ionas go gcreidfeadh an domhan.

An túsphointe le cruthú pobail ná ár ndaonnacht choiteann a aithint. Faoi láthair in Éirinn, tá rogha againn, mar dhaoine aonair agus mar dhaoine i bhfochair a chéile, ár gcinniúint a chomhlíonadh mar chomhartha dóchais don domhan agus mar íomha pobail ghrá (le móraigeantacht agus le ceiliúradh an aontais san éagsúlacht). Nó is féidir dul bealach an eisiaimh (exclusion) agus na féincosanta, agus géilleadh do dhéithe an tsaoltachais agus an ábharachais.


Foilsíodh an t-alt seo don chéad uair i dTimire an Chroí Naofa, Geimhreadh 2007.

 

Tags: