About
Shop
Contact Us

An Fear a Thit

30 November, 1999

I Lúnasa 1991 bhí an tAthair Seán Ó Guibhne i dtimpiste eitleáin i Nairobi. Tháinig sé as ina bheo agus seo a scéal.

Déardaoin 26 Lúnasa 1999, ag 11.30r.n. in éineacht le triúr paisinéir eile, chuaigh mé ar bord eitleáin aon-innill i Mwanza na Tansáine le dul go Nairobi sa Chéinia. Eitilt dhá uair a’ chloig a bhíonn i gceist de ghnáth, ag brath ar threo agus ar neart na gaoithe. Bhíos ag teacht ó champa teifigh sa Tansáin ina rabhas ag obair le Seirbhís Teifeach na n-Íosánach. Bhí áit in áirithe dom ar eitleán ó Nairobi le cuairt a thabhairt ar mo mháthair in Éirinn a bhí tinn. Turas fíor-fhada a bheadh ann.

Bhí an eitilt go breá socair go dtí go rabhamar ag déanamh ar an rúidbhealach ag Aerfort Wilson i Nairobi. Nuair a fuaireas radharc uirthi thosaigh mé ag ullmhú mo phais don oifigeach inimirce, mar ba ghnáth liom. Go tobann, rug Martha, a bhí ina suí in aice liom, greim ar mo ghualainn agus scread sí i Kiswahili: ‘Go saora Dia sinn! Go saora Dia sinn!’ Ar fhéachaint chun tosaigh dom bhí an piolóta ar a dhícheall ag iarraí smacht a fháil ar an eitleán tar éis dó luascadh ar chlé agus é 400-500 troigh os cionn talún. Tharla sé seo ag 2.00 i.n. Ní cuimhin liom a thuilleadh.

Bhí comh-Íosánaigh agus cairde eile ag stánadh orm nuair a dhúisigh mé ag 4.30i.n. san aonad dianchúraim in Ospidéal Nairobi. D’inis siad dom gurbh amhlaidh a thuairt an t-eitleán ar dhíon tí dhá stór cóngarach don aerfort. D’éirigh le meicneoir a bhí ag obair in aice láimhe dul isteach san eitleán agus na conaisc aibhléise a scoir óna chéile. Sa tslí sin chuir sé deire le tine a bhí ag tosú. Bhí duine des na paisinéirí eile marbh. Bhí triúr againn, an piolóta san áireamh, san ospidéal. Ní raibh ach mionghearrtha ar Lo, an Téalannach a bhíodh ag obair liom i gcampaí na dteifeach.

Tar éis lae aistríodh go seomra sa ghnáthchuid den ospidéal mé. Bheadh próiseas fada romham amach – tosú ag glacadh leis an rud a bhí tar éis tarlú. Mhínigh na dochtúirí agus na banaltraí dom go raibh idir ghlúin agus uillinn chlé ina smidiríní. Bhrath mé go raibh mo chorp ar fad scriosta mar ná féadainn ball ar bith a bhogadh seachas an chois chlé. Bhí obráid déanta cheana féin ar mo ghlúin ach bheadh orm fanacht go ceann dhá lá sula gcríochnófaí an obair ar m’uillinn. Bhí fuil de dhíth orm; thairg mo chairde piontaí fola agus ansan d’fhéadfaí obair an mháinlia a chríochnú.

Fulaingt  Thar  na  Bearta
De bharr chuairteanna na gcarad go léir agus láíocht na mbanaltraí agus na ndochtúirí bhí na laethannta ceart go leor ach chaith mé oícheannta uafáis i rith na céad seachtaine san ospidéal. Thagadh tromluí orm agus bhraithinn an tionóisc arís. I m’aigne bhí aonarántacht agus bás mar íomhánna scanraitheacha, ioldaite a tháinig óm’chorp. Bhíodh fáilte agam i gcónaí roimh bhreacadh an lae.

Thugadh cara liom, an tAthair Noel, cuairt orm ag 8.30. gach maidin agus ghlanadh sé an t-allas de m’aghaidh, thugadh deoch dom agus ansin an Chomaoin Naofa. Ba chabhair é sin le fáiltiú roimh an lá nua a bhí le hionramháil agam. Ag an am seo rith sé liom gur ciallmhar an nós a bhaineann le háiteanna in Éirinn, codladh sa tseomra leis an othar, bheith mar chompánach aige i rith na hoíche. B’fhéidir ná tagraíonn an t-othar don duine eile ach brathann sé nach ina aonar atá sé agus go ndíbrítear deamhain an dorchadais.

Chiap taibhsí na hoíche mé i rith na céad seachtaine ach b’é cinnteacht laethiúil mo chuid gortuithe a chuir isteach orm as san ar aghaidh. Ní raibh sé ar mo chumas éirí as an leaba, ní fhéadainn ithe ná mé féin a ní, ná éirí chun dul go dtí an leithreas. Shamlaíos mé féin mar long bhriste a bhí tarraingthe aníos ar an leaba seo. Bhí ceist faid mo théarnaimh ag cur isteach go mór orm. Ní fheadair mé an leigheasfaí go deo mé.

D’inis m’aigne bréaga do mo chorp ar feadh roinnt seachtaine. Nuair a dhúisinn ar maidin bhíodh fonn orm léimt amach as an leaba go dtí go dtosódh mo bhaill gortaithe ag crith ar buile chun insint do m’aigne ná raibh cúrsaí mar a bhíodh agus go raibh roinnt bacanna orm. Bhí an focal ‘bac’ ina uafás agus diaidh ar ndiaidh ina fhírinne. Bhínnse chomh leabhair agus chomh haiclí, agus thar rud ar bith eile, neamhspleách, agus anois ní fhéadainn fiú lámh a chroitheadh. Bhí mé ag brath ar dhaoine eile le haghaidh gach rud. Fágadh mé gan freagracht ar bith. Scriosadh m’fhéiniúlacht ar fad agus mo chuid pleananna oibre ar dhíon an tí sin leis an eitleán. Bhí an-fhearg orm leis an bpiolóta amaideach ar theip air an t-eitleán a stiúrú agus  a bhí mar chúis leis an chrot ina rabhas. Cén fáth gur domsa a tharla sé seo? Cén gníomhartha liomsa a thuill é seo ar fad? Thuigeas, áfach, go raibh orm an rogha a dhéanamh idir mhaireachtáil leis an bhfearg sin agus dul chun cinn i dtreo radharc fírinneach ar an saol.

Léargas Nua
B’ait liom bheith beo agus fós a thuiscint go bhfuair duine ná raibh ach troigh uaim ar an eitleán, bás agus gur tháinig mé féin slán. Cén fáth ar tháinig mise slán? Dúirt mórán dem’chairde agus des na cuairteoirí liom nár bhfoláir ná go raibh obair áirithe ag Dia dom, a rá is gur sábháladh mé. Chuir a gcuid cainte ag smaoineamh mé, agus bhí mé umhal agus buíoch ar fheiscint a mbuíochas dom, agus an fhaoiseamh a bhí orthu gur ligeadh mo bheo liom. Thosaigh mé ag smaoineamh ar rún na beatha agus an bháis agus d’éirigh mé an-bhuíoch des na daoine ar fad a bhí buartha fúm agus a thug aire agus grá dom. Ghlacas lena gcabhair le háthas seachas le doicheall. Tháinig tuiscint chugam go mb’fhéidir gurb amhlaidh a chuir na bacanna agus an fhulaingt leis an dlúthchomhar a bhí agam leis na teifigh lena mbínn ag obair, iadsan a fhulaing gan gá, de réir dealraimh. Fad a bhíos im’luí ar shlat mo dhroma sa leaba d’éirigh liom ceangal nua a dhéanamh leis an gcine daonna. Thosaigh mé ag foghlaim an cheachta ba thábhachtaí im’shaol i rith fulaingt na laethe sin.

Is é an rud tábhachtach ná feabhas mo chuid caidrimh le daoine eile agus ní hé mo chuid freagrachta ná gníomhartha, ná an dealramh atá orm os comhair daoine. An rud atá buan agus  fíorthábhachtach ná an grá, an chomhbháidh, agus an spreagadh a roinnim ar dhaoine eile. Seo é an rud a leanann, cuma an ar leaba breoiteachta nó ar leaba mo bháis dom.

Faoi láthair is léir na bacanna agus na gortuithe atá orm – bíonn maide croise á iompar agam agus tá teanntán ar mo chois – ach is i bhfolach a bhíonn formhór ár mbacanna agus mar sin is minic ná luaitear iad. Is minic a bhíonn amhras orm an dtugaim seans dom’ chomhoibritheoirí nó dos na daoine lena gcónaím a léiriú cad a scriosann  a mbeatha siúd. An féidir liom comhfhulaingt le daoine agus beagán faoisimh, leighis, agus solais a thabhairt dóibh? Nuair a éiríonn liom é sin a dhéanamh bíonn crot eile ar chursaí beatha agus báis dom.

Foilsíodh an t-alt seo don chéad uair i dTimire an Chroí Naofa, Fómhar, 2002.

Tags: