Cothraí Gógan
FÁS (Foilseacháin Ábhair Spioradálta)
Teach Manresa SJ
Baile na gCorr
Cluain Tarbh
Baile Átha Cliath 3
Ós rud é gur ghlac mórán ar láimh faisnéis a thabhairt mar gheall ar na nithe atá tagtha chun críche inár measc, níor mhiste liom féin, freisin, cuntas a scríobh in ord agus in eagar, a Aideilfe dhílis, chun go dtuigfeá go fíor cumhacht dhea-scéal Íosa Críost.
Agus mar is fios gur thosnaigh Eoin muirneach a shoiscéal leis an tosach a sháraigh gach tosach, agus gur thug Matha Beannaithe dúinn leabhar ginealaigh Íosa Críost, mac Dháiví, mac Ábraham, agus gur thug Lúcás, an lia ionúin, a bhreith ó Mhuire Ógh le cumhacht an Spioraid Naoimh, dála Mharcais thogh mé féin, sa spiorad céanna – le fírinne, b’í do rogha féin í, a Aideilfe dhílis – tosnú ar scéala síor-nua Íosa Críost Mac Dé a fhógairt, tríd a theachtaire a chuir sé roimhe lena bhóthar a réiteach faoina chomhair.
Agus tharla tar éis na mblianta fada gur tháinig a theachtaire ar bhánta tirime na tuaithe gar don abhainn a dtugtar Athi air. Agus ghabh sé ar cuairt sna feirmeacha agus sna bailte beaga sa chomharsanacht, agus d’imigh sé ó áit go háit de shiúl a chos, agus ghlaoigh sé chun gach duine a casadh air: “Tar go dtí an tAifreann!” Ba chúis ionaidh ag a lán an cuireadh, agus d’fhreagair siad: “Ach ní hé seo an Domhnach!” Le gean gáire, dúirt sé arís: “Tar go dtí an tAifreann!” Agus dúirt siad: “Cá léifear an tAifreann?” “Léifear an tAifreann,” ar seisean, “sa sean-bhothán folamh gar don sceach a dtugtar Ruai uirthi.” “Beimid ann,” arsa na daoine.
Ag gabháil an bhóthair dó, casadh duine eile air a d’fhiafraigh de cá raibh a thriall. D’fhreagair sé é leis an bhfocal ceanann céanna: “Táim ag dul go dtí an tAifreann sa sean-bhothán gar don sceach a dtugtar Ruai uirthi.” “An fear Dé tusa?” “Is ea,” do fhreagraigh sé. “Mar sin, téanaimis le chéile,” ars an fear, “go bhfeicfidh mé a ndéanfar ann.”
Nuair a shrois siad an sean-bhothán in aice le sceach Ruai, bhí an-bhailiú daoine ann ósna bailte beaga agus na feirmeacha máguaird, agus bhí an bothán scuabtha glan acu cheana féin, agus bord beag feistithe cois balla. Bheannaigh sé dóibh agus dúirt: “Tugaigí cloch isteach libh, nó giota adhmaid, agus bímis inár suí.” Agus lean sé leis: “Casfar Íosa Críost orainn anseo inniu.”
Bhí iontas an domhain orthu ar chlos an fhocail sin dóibh agus bhreathnaigh siad ar a chéile á gceistiú féin. Níorbh fheasach dóibh go raibh Íosa cheana féin ina gcuideachta de réir a gheallúna: Mar a mbíonn beirt nó triúr bailithe le chéile im’ ainm-se, beidh mise maille leo. Ach bhí scáth ar a súile agus níor aithin siad é.
Agus dúirt sé arís leo: “Casfar Íosa orainn inniu, ach toisc nach bhféadfaimid é fheiscint, taispeánfaidh mé a phictiúr daoibh.” Bhain sé cros adhmaid as a mhála agus d’fhiafraigh de pháiste amháin: “Cad é seo?” D’fhreagair an páiste: “Is giota adhmaid é.” Ach d’fhreagair páiste eile: “Is cros é.” Agus d’fhriafaigh sé de: “Cad é sin ar an gcros?” “Ni binadamu” ar seisean, le focal ina dteanga féin gurb í an bhrí atá leis ná ‘mac duine’. Agus dúirt sé: “Is ea go díreach, mac duine, is é sin, Mac an Duine, agus is é Mac Dé leis é.” “Is é Íosa atá ann,” adeir an páiste. Agus lig máthair an pháiste gáir aisti le lúcháir gurbh fhios dá mac ainm Íosa. Ach ó chianaibh beag, nuair a bhí sé ag glaoch ar na daoine teacht chun casadh le hÍosa, d’fhiafraigh fear amháin de: “Cé hé Íosa? Níor chuala mé riamh trácht air-sean.” Mar sin, bhí áthas an domhain air ainm a mháistir a chlos ó bhéal linbh. Agus chuimhnigh sé ar fhocal an Mháistir: Ar bheola naíonán agus páistí deoil chuir tú moladh in oiriúint. Agus b’aisteach le cuid a bhí ann go raibh a mhéid sin áthais ar an triúr acu ar chlos an ainm sin ‘Íosa’ dóibh.
Agus dúirt sé leo: “Gaireadh le chéile sibh le maithiúnas na bpeacaí a fháil trí ainm Íosa, mar atá scríofa: seachas é níl ainm ar bith eile tugtha dúinn chun ár slánaithe.” Agus theagasc sé dóibh baiste sa Spiorad le maithiúnas na bpeacaí. Bhí cuid mhaith acu go raibh géillte acu do ghlaoch agus do rogha Chríost i bhfad roimhe sin, agus a baisteadh i mbriathar slánaithe na fírinne, san uisce agus sa Spiorad, ach anois, faraoir, a bhí imithe ar fán ón Slí. Mar sin, tar éis filleadh ar an Tiarna, agus tar éis aithrí a dhéanamh agus dul chun faoistine, glanadh iad le Spiorad an tslánaithe.
Agus ghabh tost neamhghnách seilbh ar an tréidín beag sin, agus chonacthas léas neamhghnách ag soilsiú i súile cuid acu a bhí tar éis faoistine. B’ait le cuid eile go bhféadfadh duine peacaí a mhaitheamh. Mar sin de, nuair a bhí sé réidh, rug sé greim ar an gcros agus thóg in airde é ag rá: “Bíodh fhios agaibh nach nglantar peacaí le briathra duine, ach le fuil Uan Dé a sileadh ina frasa ar ár son go léir.”
Agus ar seisean: “Tá fuil sin Chríost ag sileadh anseo inniu agus beidh sí á blaiseadh agaibhse.” Ar seisean arís agus é ag tógaint buidéilín beag fíona ina láimh: “Déanfar fuil Chríost den bhfíon seo.” Agus dhoirt sé amach é i gcupa órga. Ansin thóg sé roinnt blúirí beaga aráin cosúil leis an arán úd a dtugtar chapati air agus dúirt: “Déanfaidh corp Chríost den arán seo, Corp úd Chríost a briseadh ar ár son.” Agus leag sé an t-arán ar phláitín óir.
Agus dúirt sé arís: “Thaispeáin mé pictiúr de Chríost daoibh ar an gcros ionas gur fusa daoibh cuimhneamh air. Ach dúirt Íosa féin linn cuimhneachán a dhéanamh air lena Chorp agus a Fhuil a dhéanamh d’arán agus d’fhíon.” Chuir sé i gcuimhne dóibh arís go raibh Íosa ina gcuideachta, agus tar éis éadach maiseach a chur uime, agus coinnle a lasadh, dúirt sé: “Mar a scaipeann lasair ón mbuaiceas fuacht agus dorchadas, ba mhar sin díreach a rug Íosa barr bua ar luaithreach an bháis, agus d’aiséirigh ó na mairbh. Agus chuimhnigh sé ar an bhfocal: D’aiséirigh mé agus tá mé fós faraibh. Agus dúirt sé: “Go raibh an Tiarna libh!”
Agus tar éis do bhean áirithe sliocht a léamh dóibh as an leabhar naofa, dúirt sé leo, ag cur iontais orthu arís: “Is é Íosa féin a bhí ag labhairt linn anois beag.” Bhris gean gáire ar bhéal na mná, mar déanta na fírinne líon a croí d’áthas agus í ag léamh na mbriathra beannaithe, agus bhraith sí go raibh an Tiarna Dia ag labhairt tríthi amach. Ach b’iontas don chuid eile nár shéan sí é. Agus chuir sé focal an fháidh i gcuimhne dóibh: Beidh tú mar bhéal agam féin.
“I gceann cúpla nóiméad,” ar seisean, “labharfaidh Íosa trí mo bhéal féin. Ach maidir libhse, ní mór béal do Íosa a dhéanamh de gach duine agaibh. Is fíor go dtiocfaidh Íosa féin ar an mbord seo romhainn ar ball beag. Ach fanfaidh sé ina thost. Is díbh a dhéanfar béal, teanga agus guth dó, ar gach sráid amuigh agus cois gach teallaigh istigh. Agus is díbhse a dhéanfar géaga siúil dó, lena thuairisc a bhreith chun bhur gcomharsana, leis an bhfírinne a fhógairt, agus an chóir agus an ceart a chosaint. Ná bíodh eagla oraibh, beidh mise faraibh, adeir Íosa. Is díbhse a dhéanfar croí dó, le grá agus gean a thabhairt do mhuintir na háite seo”. Agus ghairdigh an pobal beag sin ina gcroíthe istigh toisc an cúram diaga seo a bhí leagtha ar a nguaillí. Agus lonraigh a gceannaithe le háthas. Cuid acu áfach, bhí a gceann fúthu, mar b’eol dóibh a gcroíthe a bheith trom fós faoi iomad a gcionta.