In 1987 tháinig seachtar fear óg le chéile leis an Athair Benedict Groeschel, a bhí ina Chaipisíneach, chun ord úr a bhunú, Bráithre Proinsiasacha na hAthnuachana. Bhí siad ag iarraidh Naomh Proinsias a leanúint go dlúth i gcroílár na hEaglaise agus go háirithe i seirbhís na mbocht. Tá siad díreach tar éis teacht ar misean go Magh Rois i gcathair Luimnigh. An tAthair Sylvester Mary Mann CFR a scríobh.
Is iomaí duine a d’fhiafraigh dínn, ‘Cad é a thug go Magh Rois sibh? Cad é atá sibh ag dul a dhéanamh?’ Is léir go bhfuil idir iontas agus amhras orthu uile.
Admhaím ón tús nach bhfuil pleán mór maith againn ar chor ar bith. Níl de phleán againn ach an rud a fhaightear sna Scrioptúir, an rud a rinne na hAspail agus misinéirí uile na hEaglaise ó shin. Is é an t-aon chuspóir atá againne beatha an tsoiscéil agus na hurnaí a mhaireachtáil i gcuideachta a chéile agus teachtaireacht bhunaidh na Críostaíochata uile a fhógairt: Is é Íosa Críost an Tiarna!
Nach é sin misean na hEaglaise riamh anall, Críost a fhógairt don domhan seo atá briste brúite? Níl freagra ar bith eile againn ar fhadhbanna an domhain – agus fadhbanna na hÉireann ina measc – ach Íosa Críost. Is í an cheist a théann go cnámh na huilinne: an bhfuil pobal Mhaigh Rois – agus muintir na hÉireann i gcoitinne – réidh le héisteacht leis an fhreagra sin?
Cuimhnímis bomaite ar na ceachtanna a mhúineann stair an tslánaithe dúinn. Is é Íosa a dúirt, ‘Beidh sibh in bhur bhfínnéithe ormsa in Iarúsailéim … agus a fhad le himeall an domhain’ (Gníomh. 1:8). Nuair a tháinig Pádraig go hÉirinn, an áit is faide siar de réir thíreolas an ama, chreid sé go raibh sé féin tar éis an soiscéal a thabhairt go himeall an domhain. Chuaigh Criostóir Columbus, áfach, thar na teorainneacha a bhí ann gur nochtadh dó domhan úr ar fad. Nuair a d’imigh Columbus ón Spáinn le trí long bhí triúr sagart Proinsiasacha ar bord aige. Ní raibh ar intinn acu siúd ach freastal ar na mairnéalaigh ar bord an Nina, an Pinta agus an Santa Maria. Ní raibh a fhios acu go dtitfeadh sé orthu an soiscéal a fhógairt sa ‘domhan úr’ seo den chéad uair. Deonú Dé a bhí á stiúrú agus is mar sin a cuireadh an fiontar miseanach is mó ó aimsir na nAspal ar bun. Chonacthas arís eile go raibh an soiscéal tar éis imeall an domhain a bhaint amach.
Cé a chreidfeadh in AD 432 go n-éireodh le Pádraig Éire a iompú go Críost agus go mbeadh ról lárnach ag an Eaglais Éireannach i scéal mhisean na hEaglaise ar ball beag? Arís, sa 16ú haois, nuair a bhí milliún amháin ar a laghad Caitliceach ag tréigean a gcreidimh de dheasca an Reifirméisin Phrotastúnaigh, cé a shamhlódh go mbaistfí naoi milliún den chine Aztec thart faoi chathair Meicsiceo amháin, gan trácht ar na milliúin eile ar fud Mheiriceá.
D’fhógair an Pápa Benedict XVI le déanaí an téama a bheidh ag Lá Domhanda na nÓg 2008 in Sydney na hAstráile. Chuaigh sé siar go Gníomhartha na nAspal. ‘Gheobhaidh sibh neart an Spioraid Naoimh atá le tuirlingt oraibh agus beidh sibh in bhur bhfínnéithe ormsa … a fhad le himeall an domhain’. Tá an Pápa ag gríosú aos óg na hEaglaise chun muinín a bheith acu as cumhacht an Spioraid agus freagra fial a thabhairt ar ghlaoch Dé san aois seo. Rosc catha atá ann le haghaidh Cincíse úire.
Cuimhnímis ar scéal theacht an Spioraid den chéad uair. Bhí pobal beag bídeach bailithe in aon áit amháin agus iad faoi bhrat na Maighdine Muire. I ndiaidh dóibh seal a chaitheamh ag guí le chéile, osclaíodh croíthe na nAspal. Ansin, Lá Cincíse, thuirling an Spiorad Naomh orthu le cumhacht, faoi mar a gheall Dia dóibh. Ar an dóigh sin a cuireadh tús le misean na hEaglaise.
Is é Dia amháin a thug toradh ar mhisean Phádraig in Éirinn agus sa mhisean chuig pobail Mheiriceá mar is é Dia amháin ar féidir leis dul isteach i nduibheagáin chroí an duine. Bhí tuiscint ag an Mháthair Treasa Bheannaithe air seo nuair a dúirt sí go mbíonn Dia ag iarraidh orainn bheith dílis thar rud ar bith eile. Caithfidh gach misinéir bheith go príomha ina dheisceabal dílis. Mar sin de, sin an misean atá againne mar mhisinéirí i Magh Rois, in Éirinn agus sa domhan ar fad. Tuigimid go bhfuil imeall an domhain le fáil i gceartlár chroí an duine, gach aon duine. Is ansin a chaithfear Íosa Críost a fhógairt i gcónaí. Is ansin a chaithfear glacadh leis.
Foilsíodh an t-alt seo don chéad uair i dTimire an Chroí Naofa, Geimhreadh 2007