About
Shop
Contact Us

Coláiste na nGael i Salamanca

30 November, 1999

Ceann d’ócáidí móra na bliana 1592 ar Mhór-Roinn na hEorpa ab ea bunú Choláiste na nGael i Salamanca na Spáinne. Ag cur san áireamh an caidreamh a bhí idir an tír seo agus an Spáinn san am sin, ní hiontas é go mbunófaí Coláiste Éireannach i gcathair úd an chultúir, Salamanca. Seán Ua Cearnaigh a scríobh.

Ar aon nós, osclaíodh an Coláiste ar an ochtú lá de mhí Mheán Fómhair 1592, agus ba é Pilib II, Rí na Spáinne, a rinne an beart oifigiúil. Sna blianta agus sna céadta a lean, is iomaí ábhar sagairt as Éirinn a hoileadh sa Choláiste, sagairt a bhí dílis go héag do thír a ndúchais, fir a rinne éachtaí go minic ar mhaithe le creideamh, litríocht, saíocht agus cearta na hÉireann.

Chuile sheans gurbh é Seathrún Céitinn an té b’iomráití dóibhsean a chaith seal sa Choláiste i Salamanca. Cé gur i mBordeaux na Fraince a fuair an Céitinneach bunús a léinn diagachta, chaith sé tréimhse freisin i Salamanca agus dealraíonn sé gur ann a scríobh sé an dán álainn úd, Mo Bheannacht leat, a Scríbhinn thart faoin mbliain 1600.

File eile a chaith tréimhse ghairid, an-ghairid is cosúil, sa Choláiste ná an tUltach, Aodh Mac Aingil. Seans gurbh ann a scríobh sé an carúil Nollag álainn úd:

Dia do bheatha, a naoidhe naoimh,
Insan mainséar cé taoi bocht,
Meidhreach saibhir atá tú
Is glórmhar id’ dhún féin anocht.

Mar is eol dúinn, ceapadh Aodh Mac Aingil mar Ardeaspag ar Ard Mhacha in 1626 ach fuair sé bás an bhliain chéanna agus é ar tí filleadh ar Éirinn.

Duine de na hÉireannaigh ba thúisce a chuaigh isteach i gColáiste na nGael i Salamanca ba ea Roibeard Mac Artúir. I gContae an Dúin a rugadh Mac Artúir sa bhliain 1571. Ó 1593 go 1599 bhí sé mar dhalta i gColáiste na nGael, agus is ann a oirníodh ina shagart é. Bhí sé mar chomhairleoir ag Aodh Ó Néill agus chaith sé tamall sa Róimh leis an taoiseach céanna i ndiaidh teitheadh na hIarlaí. I Lováin na Beilge a mhair sé ó 1611 ar aghaidh. Bhunaigh sé clólann Gaeilge sa chathair sin, agus is ann a d’éag sé sa bhliain 1626.

An Proinsiasach iomráiteach Déiseach, Lúcás Wadding (1588-1657), chaith sé seal mar oide i gColáiste na nGael, Salamanca, agus bhí sé mar uachtarán ar an gColáiste ó 1617 go1618. Bhí sé ar scoláirí móra na haoise. I Laidin a scríobh sé. Thuill a chuid saothair, go háirithe a opus mór, Annales Ordinis Minorum, ardmholadh ó scoláirí na hEorpa. Ba Ghael dílis é Wadding a sheas go láidir le Feidhlim Ó Néill agus le hEoghan Rua. Is de bharr a thionchair siúd ar chúrsaí na Vatacáine a seoladh Rinucinni go hÉirinn. B’eisean freisin a d’áitigh ar an bPápa lá saoire eaglasta a ghairm ar Lá ‘le Pádraig.

Is iomaí ábhar sagairt as Éirinn a hoileadh i Salamanca aimsir na bPéindlíthe, ina measc an duine calma úd Nioclás Mac Síthigh a cuireadh chun báis ar an gcroich i gCluain Meala ar an gcúigiú lá déag de Mhárta, 1766. Ar nós Sheathrúin Céitinn bhain an sárfhear seo le Tiobraid Árann agus luaitear a ainm i gcónaí i measc laochra móra na tíre.


Foilsíodh an t-alt seo don chéad uair i dTimire an Chroí Naofa, Geimhreadh 2007.

 

Tags: