About
Shop
Contact Us

Cara na Lobhar

30 November, 1999

Déanann an tAthair Peyton cur síos ar obair éachtach an Athar Luis Ruiz, SJ, ar son na lobhar sa tSín.

Tá an tAthair Luis Ruiz SJ, Íosánach de bhunadh na Spáinne, ag obair sa tSín le breis agus 60 bliain. Rinneadh sagart de ansin i 1945. Bhí air dul go Macau i 1951 de bharr drochshláinte. Tá sé lonnaithe ansin ó shin. Ón tús bhí líon mór daoine bochta ag teacht go Macau ina dteithigh agus bhí Ruiz ag dul i gcabhair orthu.

Ansin i 1985 bhí deis aige dul isteach sa tSín arís. Chuir sean sagart in aithne dó slua mór lobhar a bhí ina gcónaí, leo féin, ar oileán. Thug sé cuairt orthu agus is mar sin a bunaíodh CAL (Aspalacht do Lobhair na Síne). Inniu tá siad ag cuidiú le 9,000 lobhar i gcúige Chanton.

Anseo tugann an tAthair Thomas A. Peyton MM cur síos ar chuairt a thug sé féin agus an an tAthair Ruiz ar ghrúpa lobhar.

Bhíomar ag dul go dtí áit a dtugtar Zhenxiong air in Oirthuaisceart Yunan, aistear trí lá ó Hong Kong. Tháinig muid go dtí sráidbhaile, áit ar scaoil na múinteoirí na daltaí as a rang, chun féachaint ar na coimhthígh aisteacha seo agus ar a gcompánaigh Shíneacha nach raibh an chanúint áitiúil acu. Tar éis siúl cúig nóiméad déag ón sráidbhaile thosaigh an casán ag dul síos, agus chonaic muid go rabhamar ag dul isteach i bpoll uafásach mór sa talamh. Bhí an ‘poll’ seo tuairim is míle troigh síos, agus é chomh mór, ag a bhun, le dhá pháirc imeartha peile. Chúngaigh an casán go líne shingil. Ar an lámh dheas bhí aill ingearach carraige. Tháinig muid go dtí bothán beag adhmaid a bhí díreach trasna an chasáin. Teach geata a bhí ann. Laistigh, ina shuí i gcúinne, bhí lobhar, fear an gheata. Nuair a tháinig muid amach ar an taobh eile den bhothán, bhí staighre chrochta chreagach romhainn a ghabh síos go géar taobh na faille.

Ar an taobh chlé chonaic muid cá raibh ár dtriall ar urlár na prochóige seo.Ag bun na haille ar an taobh eile den pholl bhí pluais mhór ina raibh botháin dhóibe. Ar féachaint ar thaobh na láimhe deise dúinn, ba léir múr de charraig ingearach a bhí ag bagairt anuas orainn. Bhí sé cineál scanraitheach don bheirt againn, domsa im ógánach 70 bliana, agus don Athair Luis, ár gceannaire, in aois a 88 mbliana! Ní fhéadfaimis tiontú ar ais, mar bhí scuaine duine sna sála orainn, agus, ar ndóigh, bhí na lobhair ag fanacht orainn, na céad chuairteoirí eachtrannacha a tháinig chucu le 58 mbliana. Thug sin uchtach dúinn leanúint ar aghaidh, cé go raibh fhios againn go mbeadh orainn filleadh an treo sceirdiúil céanna.

De réir a chéile, chonaic muid go raibh an phluais ar thaobh na láimhe deise ag dul i méid, agus na haillte os ár gcionn ag éirí níos airde, de réir mar a bhí ár staighre creagach ag druidim le bonn an phoill uafásaigh mhóir seo sa talamh. Agus muid ag teacht i ngar don phluais, chruinnigh na lobhair ‘dhearmadta’ le chéile, in amhras faoi cad a tharlódh anois. Mar ba nós linn, beannaímid leo le díograis, ag fáil greim láimhe orthu, ós iad dáiríre ár gcairde a bhí caillte le fada. A leithéid de rúndiamhair i ngrásta Dé, go gcasfaimis ar a chéile.

Tar éis dúinn fáiltiú lenár gcairde, shiúlamar thart timpeall a fhéacahint a dtoscaí maireachtála, na toscaí ina raibh siad le breis agus leathchéad bliain. Ós rud é nach raibh staighre ann ar dtús, b’éigean dóibh na chéad lobhair a ligean anuas sa pholl le rópaí. Bhí fear amháin ann fós ar chuimhin leis go ndearnadh amhlaidh leis 53 bliana ó shin. Bhí sé deich mbliana d’aois ag an am. Bhí na tithe déanta as brící dóibe, le díonta ceann tuí.Bhí a bhformhór ag titim as a chéile. Laistigh, bhí an balla go dubh de thoradh na dtinte beaga a lasaidís chun cócaireachta agus chun léas éigean solais a thabhairt dóibh féin. Ní raibh leictreachas acu, agus ní fhaca mé rian de choinneal fiú. Éiríonn sé fuar astoíche, agus luaigh siad an easpa bia san oíche a thabharfadh teas dóibh agus iad ina luí i ndorchadas a mbotháin phluaise ag bun an phoill seo míle troigh faoi leibhéal an talaimh. Faigheann siad uisce len ól ó bháisín beag carraige ina sileann idir uisce agus phuiteach ó shíleál na pluaise os a gcionn.Ba chosúla le puiteach é ná uisce.

Ar ár gcuairteanna tugaimid de ghnáth clúdaigh dhearga ina mbíonn timpeall US$4.00. Baintear úsáid as clúdaigh dhearga de ghnáth chun féirín airgid a bhronnadh sa tSín. I gcás na ndaoine seo, bhí orainn an t-airgead a thaispeáint dóibh sna clúdaigh sular thuig siad. Go bunúsach, maireann siad ar an méid is féidir leo a shaothrú in ithir an phoill seo sa talamh. Tá beagáinín ríse acu, roinnt glasraí, min bhuí agus roinnt prátaí. Is máirtínigh chreaplaithe cuid mhaith den dream seo, nó tá baill coirp in easnamh orthu de bharr na lobhra. Níl ar chumas na ndaoine áirithe seo, nó na seandaoine, obair a dhéanamh. I measc an ghrúpa bhig seo de chéad duine nó mar sin, tá roinnt páistí. Thugamar roinnt seacláide agus brioscaí linn freisin. Ní raibh seacláid feicthe ag na páistí cheana. “Tá blas deas air, ach níl fhois againn cén sórt rud é,” a dúirt siad.

Sular fhágamar ár gcairde a bhí caillte le fada, dúramar leo go gcuideoimis leo chun tuilleadh bia, uisce glan agus cóir leictreachais a fháil.Agus é ag fágail slán acu, mheabhraigh an tAthair Luis do na daoine seo (táirísleacht an phobail go fíreannach) go bhfuil grá ag Dia dóibh, agus gur tháinig muid chun grá Dé a léiriú dóibh.

Is é atá ar intinn againn a dhéanamh, ionad nua a thógáil do na daoine seo. Beidh siúracha ann le cúram a thabhairt do na sean agus do na daoine faoi éagumas. Sa cheantar seo tá 2000 lobhar eile agus déanfaimid freastal orthu chomh maith ón ionad seo.

Chuamar go dtí Zhenxong le linn Sheachtain na Cásca 2001. Chuaigh sé i gcion orainn mar eachtra ‘aiséirithe’.

Foilsíodh an t-alt seo don chéad uair i dTimire an Chroí Naofa, Fómhar 2002

Tags: