Mass Readings
Catholic Ireland
Liturgical Readings for : Wednesday, 1st May, 2024Readings in English
Next Sunday's Readings
CÉAD LÉACHT
Sliocht as Gníomhartha na nAspal 15:1-6
Shocraigh siad go rachadh Pól agus Barnabas agus roinnt eile acu go Iarúsailéim chun dul I gcomhairle leis na haspail agus leis na seanóirí faoin gceist seo.
Tháinig daoine anuas ó Iúdáia agus thosaigh siad ag teagasc na mbráithre:
“Mura ndéantar sibh a thimpeall ghearradh de réir ghnás Mhaois,” ar siad, “ní féidir bhur slánú.”
Bhí aighneas agus argóint fhada ag Pól agus ag Barnabas leo, agus shocraigh siad go rachadh Pól agus Barnabas agus roinnt eile acu go Iarúsailéim chun dul I gcomhairle leis na haspail agus leis na seanóirí faoin gceist seo.
Rinne an Eaglais iad a thionlacan chun bealaigh, agus ag gabháil dóibh trí Fhéinice agus tríd an tSamáir, d’aithris siad dóibh mar a bhí na págánaigh ag iompú chun Dé, scéal a chuir ardáthas ar na bráithre go léir. Agus nuair a tháinig siad go Iarúsailéim, chuir an Eaglais agus na haspail agus na seanóirí fáilte rompu, agus d’eachtraigh siadsan dóibh a mhéid a bhí déanta ag Dia tríothu.
Ach d’éirigh creidmhigh áirithe a bhain le haicme na bhFairisíneach agus dúirt siad nárbh fholáir na págánaigh a thimpeallghearradh agus a fhógairt orthu dlí Mhaois a choimeád. Tháinig na haspail agus na seanóirí i gceann a chéile chun an cheist seo a bhreithniú.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Salm le freagra Sm 121
Freagra Rinne mé gairdeas nuair a dúradh liom:
“Rachaimid isteach i dteach an Tiarna.”
Malairt le freagra Alleluia!
1. Rinne mé gairdeas nuair a dúradh liom: “Rachaimid isteach i dteach an Tiarna.”
Tá ár gcosa ina seasamh cheana féin i do dhoirse, a Iarúsailéim. Freagra
2. Rinneadh cathair Iarúsailéim a thógáil go dlúth is go daingean.
Is chuici suas a ghabhann na treibheanna, treibheanna an Tiarna. Freagra
3. D’fhonn is go dtugaidís fianaise do Iosrael, agus buíochas don Tiarna.
Is ansiúd atá cathaoir an bhreithiúnais,cathaoir do theaghlach Dháiví. Freagra
SOISCÉAL
Go raibh an Tiarna libh. Agus le do spiorad féin
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Eoin 15:1-8 Glóir duit, a Thiarna
An té a fhanann ionamsa, agus mise ann, tugann seisean toradh mór uaidh.
San am sin dúirt Íosa lena dheisceabail:
‘Mise an fhíniúin fhíor, agus is é m’Athair an saothraí. Gach géag ionam nach dtugann toradh, bainfidh sé í;
agus gach géag a thugann toradh, bearrfaidh sé í, ionas go dtabharfaidh sí breis toraidh.
Tá sibhse bearrtha de bharr an bhriathair a labhair mé libh.
Fanaigí ionamsa, agus mise ionaibh. Faoi mar nach féidir don ghéag
toradh a thabhairt uaithi féin, mura bhfanann sí san fhíniúin, sin mar nach féidir daoibhse, mura bhfanann sibh ionamsa.
Mise an fhíniúin, sibhse na géaga; an té a fhanann ionamsa, agus mise ann, tugann seisean toradh mór uaidh; óir gan mise,
ní féidir daoibh aon ní a dhéanamh.
Cibé nach bhfanfaidh ionamsa, caithfear amach é mar ghéag, agus feofaidh sé; agus tógfar agus caithfear sa tine iad, agus dófar iad.
Má fhanann sibh ionamsa agus má fhanann mo bhriathra ionaibh, iarrfaidh sibh cibé ní is mian libh agus déanfar daoibh é. Tugadh glóir do m’Athair sa mhéid go dtugann sibhse toradh mór uaibh, agus go mbeidh sibh in bhur ndeisceabail agamsa.
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart