About
Shop
Contact Us

Mass Readings

Catholic Ireland

Liturgical Readings for : Thursday, 13th March, 2025
Readings in English
Next Sunday's Readings

CÉAD LÉACHT

Sliocht as  Leabhar Eistir       4: 17
A Thiarna, fóir orm óir is bean aonarach mé, gan de chabhair agam ach tusa amháin.


An uair ab eagal le hEistir an bhanríon an baol a bhí ag bagairt uirthi chuir sí a dócas sa Tiarna.
Agus rinne sí a hurnaí leis an Tiarna, Dia Isráél, á rá:
A Thiarna, is tusa amháin is rí orainn; fóir orm óir is bean aonarach mé,
gan de chabhair agam ach tusa amháin, agus táim ag dul sa bhearna bhaoil.
Ach ansin pheacaíomar i do láthair, agus thug tú i láimh ár naimhde sinn,
mar gur thugamar glóir dá ndéithe. Is cóir é thú, a Thiarna.

Tabhair bua na cainte agus an bhladair dom i láthair an leoin.
Athraigh an croí ann le go dtabharfaidh sé fuath dár namhaid,
i dtreo go scriosfar eisean agus an mhuintir atá ar aon aigne leis.Tá fios gach ní agat, agus tá a fhios agat gur fuath liom glóir na gcoirpeach; gur gráin liom leaba an té atá gan timpeallghearradh,
agus leaba gach coimhthígh.

Briathar an Tiarna            Buíochas le Dia  

Salm le Freagra            Sm 137
Freagra                            A Thiarna, D’éist tú liom nuair a ghlaoigh mé ort.

1. A Thiarna, gabhaim buíochas leat ó chroí; óir d’éist tú le briathra mo bhéil.
Seinnfidh mé duit i bhfianaise na n-aingeal; agus sléachtfaidh mé ag do theampall naofa.    Freagra

2. Gabhaim buíochas leat as ucht do bhuanghrá agus do dhílse, a sháraíonn ar [ar chualamar riamh fút].
D’éist tú liom nuair a ghlaoigh mé ort; agus chuir tú le neart m’anama.                                      Freagra

3. Síneann tú do lámh chugam do mo shaoradh; agus fóirfidh tú orm le do dheasláimh.
Maireann do bhuanghrá go síoraí, a Thiarna; ná caith dímheas ar shaothar do lámh.             Freagra

SOISCÉAL 

Go raibh an Tiarna libh.            Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh  Matha        7: 7-12      Glóir duit, a Thiarna.
Gach aon duine a iarrann, glacann.

San am sin dúirt Íosa lena dheisceabail:

Iarraigí, agus tabharfar daoibh; lorgaigí, agus gheobhaidh sibh; buailigí,agus osclófar daoibh. Óir, gach aon duine a iarrann, glacann, agus an té a lorgann, faigheann, agus an té a bhuaileann, osclófar dó.

Nó cén duine agaibh a n-iarrfaidh a mhac arán air, agus ar cloch a shínfidh sé chuige? Nó más iasc a iarrann, an sínfidh sé nathair nimhe chuige? Dá bhrí sin, más eol daoibhse, dá olcas sibh, nithe maithe a thabhairt do bhur gclann, nach móide go dtabharfaidh bhur nAthair atá ar neamh nithe maithe dóibh seo a iarrann air iad?

Nithe ar bith ab áil libh daoine a dhéanamh daoibhse, déanaigí amhlaidh sin dóibh: sin é an dlí agus na fáithe.’

Soiscéal an Tiarna.      Moladh duit, a Chriost


AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart